22.7.10

An Zú Marbh

Thugas cuairt ar Mhúsaem Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath inné. Bhí sé plódaithe le Spáinnigh (ag siúl thart, ní sna cófraí). Thaitin an bheirt seo go mór liom.
















"Bhuel, halóóó".

(Nach bhfuil cuma fíor-mhealltach ar an iora rua seo?!)
















"HAIGH!!!"

(Tá an leaid seo thar a bheith sásta bheith ina mhadra rua uisce. Níl an rón taobh thiar dhó chomh cinnte, áfach.)

20.7.10

An t-Ór Dearg

Ag baint sult as ór dearg Loch Garman na laethanta seo. Is as feirm áitiúil iad na fathaigh seo, a fhásann i dtolláin plaisteacha. Téann siad go hollmhargaidh ar fud na tíre, agus bíonn siad le fáil fós i mí Dheireadh Fómhair.
















Ní mise amháin atá ag baint sásaimh as suaimhneas an tsamhraidh.

16.7.10

Ionad Cultúrtha na hÉireann, Hammersmith i mbaol

Briseadh an scéal inné go bhfuil Ionad Cultúrtha na hÉireann, Hammersmith i mbaol dúnadh. Is cosúil nach bhfuil na Tóraithe ar Chomhairle Hammersmith sásta an £100 míle a íoc as seo amach chun an ionad a choimeád ar siúl. Seo scéal tubaisteach don phobal mór Éireannach sa chathair.

Do bhí an ionad ina 'dara bhaile' dom agus mé i Londain ar feadh cúig bliana. Cuireadh fáilte romham i gcónaí ann aon uair sa tseachtain, agus bhíodh go leor leor imeachtaí ar siúl ann idir ceol, damhsa, litríocht agus drámaí, go háirithe do dhaoine óga. Bhí laochra móra cultúrtha na tíre seo ann go minic: Brian Keenan, Roddy Doyle, Tommy Peoples, Dolores Keane agus an tUachtarán í fhéin le gairid.




















D'fhreastal mé ar rang ceoil Brendan Mulkere ann agus ba í sin an áit inar spreagadh mo dhúil sa cheol traidisiúnta.

Tá súil agam go dtiocfaidh siad ar réiteach go luath. Beidh seans ag an ionad an foirgneamh a cheannach ar 'luach an mhargaidh', ach beidh praghas ard ar an suíomh iontach atá aige in aice le stáisiún gnóthach Hammersmith. Tá tacaíocht á fáil acu ó rialtas na hÉireann, ach is dócha nach mbeidh mórán breise le fáil uathu sa lá atá inniu ann. Go háirithe chun foirgneamh mór a cheannach agus a fhorbairt. Caithfimid fanacht ar réiteach ar an scéal.

15.7.10

91 bliain ag blaiseadh

Táim sa mbaile faoi láthair, ag tabhairt aire dom' sheanmháthair agus mo thuismitheoirí ar saoire. Tá an t-ádh liom go bhfuil beirt sheanmháthair fós agam: mo "nanny" atá 91 agus mo "ghranny" atá 98 bliain d'aois. Sin 189 bliain eatarthu!

Ní bhíonn mórán ocrais ar mo nanny. Ní itheann sí ach cúpla béile beaga i rith an lae, agus fágann sí bia ar an bpláta go minic. Ach sin ráite, níor fhág sí ná níor dhiúltaigh sí trí rud riamh:

Putóg dhubh
Diúilicín
Braon tae

Is léir go bhfeabhsaíonn an blas le haois!

8.7.10

Gaoth Ghlas na gCeilteach

Seo daoibh cuid do léarscáil suimiúl ón suíomh seo a léiríonn na ceantracha is oiriúnaí ar domhan i gcomhair fuinneamh glas a chruthú ón ngaoth. Is cosúil nach bhfuil áit ar bith in Éirinn nach bhfuil oiriúnach ó thaobh na gaoithe de. De réir cosúlachta, níl ceantar Ceilteach nach bhfuil oiriúnach dó.












Má tá gaoth chumhachtach againn, níl an ghrian chomh láidir, ar ndóigh.








Agus, cé go mbímid ag tabhairt amach faoi go minic, níl mórán báistí againn ach oiread i gcomparáid le ceantracha eile.

Mainistir Tintern/Tyndyrn/Dúntiarna

Seo daoibh mainistir Tintern, agus sruthán an mhadra uisce os a comhair (gan an madra uisce, faraor).




















Tá an mhainistir suite in iardheisceart Loch Garman, gar do leithinis Rinn Dubháin agus a teach solais cáiliúl. Tógadh an mhainistir sa 13ú haois le William Marshall. Bhí Marshall ar bhád amach ó chósta na hÉireann ar oíche stoirmiúl, agus gheall sé do Naomh Áine mainistir a thógáil ina honóir dá dtabharfadh sí slán é. Faoi dheireadh, thuirling an bád slán i gcuan Bhanú, agus cuireadh tús leis an mainistir go luath ina dhiaidh. Fuair an mhainistir a hainm ó mhainistir Tintern na Breataine Bige, as a tháinig na manaigh ar dtús.

'Sé "Tinteirn" an t-ainm Gaeilge ar an gceantar de réir logainm.ie, ach mo mhíle buíochas do Dennis aistriúchán eile a thabhairt dom. Dar le Dennis, tagann an t-ainm "Tintern" ón mBreatnais "Tyndyrn". Is ionann dyn+d/teyrn na Breatnaise le dún+tiarna na Gaeilge. Is ainm oiriúnach é "Dúntiarna", mar le teacht an Reifirméisin díbireadh na manaigh agus cuireadh tiarna talún Sasanach ina náit. Tugadh ar ais don Stát é sna 60aidí.

5.7.10

Madra uisce na mainistreach

Táim ar saoire sa mbaile ar feadh míosa anois, agus ag baint sult as an aimsir bhreá anseo san oirdheisceart. Is aoibhinn liom bheith ar ais faoin tuath i mo cheantar féin ar feadh tamaill. Cé go bhfuil aithne mhaith agam ar mhuintir na háite, bhuail mé le comharsa liom aréir nach bhfaca mé riamh cheana.

Agus mé ag spaisteoireacht gar do Mhainistir Tintern chonaic mé madra uisce i sruthán in aice na mainistreach. Áit chiúin atá ann, leath-mhíle ón mbóthar, agus gan trácht ann ach corr-spaisteoir i rith an lae. Faraor, ní raibh ceamara agam.

Mar is eol daoibh, is ainmhí fíor-chúthaileach é an madra uisce, ach ní raibh stró ar bith ar an leaid seo agus é ag fiach sliogán faoi chlocha an tsrutháin. Bhreathnaigh mé air ar feadh cúig nóiméad sula bhfaca sé mé, ach ansin d'éalaigh sé faoin uisce i bpreabadh na súl.





1.7.10

Cosc (beag) ar na Clampers

Dea-scéal anseo daoibhse a bhíonn ag taisteal go dtí an Bhreatain go minic sa ghluaisteán. Nó, ar ndóigh, daoibhse a bhfuil an ghráin agaibh ar an lucht clampála.















Cúpla mí ó shin, clampáileadh mo ghluaisteán i gCardiff toisc nach raibh an cháin íoctha air (níl aon leithscéal agam, bhí mé mall í a íoc). Tháinig an lucht clampála go luath ar an Domhnach, scan siad uimhir an ghluaisteáin lena dtreallamh nua-aimseartha agus d'fhág siad píonós £100 air. Bhí rabhadh leis go gcuirfí píonós £100 ar gach lá breise a bhí siad ag fanacht orm an t-airgead a íoc. Rinne mé iarracht an píonós a íoc ar an bpointe, ACH... ní raibh an oifig oscailte ar an Domhnach, ná an lá ina dhiaidh (lá saoire bainc a bhí ann) agus bhí orm fanacht go dtí an Máirt chun scaoileadh leis an gclampa. Bhuel, bhíos ar buile.

Scríobh mé gearán chuig an DVLA faoin mbealach ina raibh na clampers ag obair ar an Domhnach nuair nach raibh éinne san oifig acu. Bhí orm dhá r-phost a scríobh sular tháinig litir ón "mBainisteoir Náisiúnta Clampála" í fhéin, Bethan Beasley (nach bhfuil ach 40 nóiméad suas an bóthar i Swansea). Agus gheall Bethan dom go gcuirfidh sí "cosc práinneach ar an gcleachtadh seo".
















Bua i gcomhair na dtiománaithe bochta.

Beidh an lucht clampála againn go deo, is dócha. Ach ar a laghad, sa Bhreatain, ní bheidh siad thart ar an Domhnach arís!