31.8.10

Stumpa Breá

No, ní faoin "bPictiúr Sin" do Dennis atáim ag caint... ach stumpa crainn i bPáirc Bute, Cardiff, ar a bhfuil ainmhithe snoite san adhmad ag ealaíontóir áitiúil. Nach bhfuil siad gleoite? Úsáideadh sábh slabhrach chun na dealbha a shnoí, rud a chuireann iontas orm: gur féidir rud chomh ealaíonta ornáideach a chruthú le huirlis chomh garbh sin. Cuireann sé amhráin Shane McGowan i gcuimhne dom, nó spéirlíne Nua-Eabhrac. Tá samplaí eile dó scaipthe timpeall na páirce. 'S dócha gur cineál fearrchúrsáil atá iontu.








29.8.10

Deireadh an tsamhraidh

Cuireann an t-am seo den bhliain i gcuimhne dom scrúdú intinne a dhéanadh ar mo sheanmháthair dhá bhliain ó shin. Bhí baol ann go raibh tús Alzheimers uirthi agus cuireadh scrúdú 30 ceist simplí uirthi. Níor theip ar mo sheanmháthair ach ceist amháin a fhreagairt i gceart: cén séasúr a bhí ann? An fómhar, a d'fhreagair sí. Anois, mí Lúnasa a bhí ann agus, de réir féilire na gCeilteach, bhí an ceart aici. Ach dochtúir eachtrannach a chuir an scrúdú uirthi agus baineadh marc di. Dár leis bhí an samhradh fós ann. Tortha lochtach, ach tairngeartach. Diaidh ar ndiaidh chuaigh intinn mo sheanmháthar i laige ó shin. Ní thagann ciall roimh aois. Ach, faraor, imíonn sé leis, go róluath rómhinic.

B'fhéidir nach bhfuil an fómhar anseo sa Bhreatain Bheag go fóill ach, pé féilire a n-úsáidtear, is léir go bhfuil deireadh leis an tsamhradh; go bhfuilimid ag druidim i dtreo an gheimhridh. Duilleoga ar an ngluaisteán ar maidin, agus geansaithe i bhfuinneoga na siopaí. Dáltaí ar ais ag an scoil (sa tír seo, ar aon nós). Tá an fharraige fós sách te ach tá fuacht le brath san aer. Ní fiú bheith ag gearáint. Níl ann ach gairm in aghaidh na gaoithe. Agus an ghaoth sin ag éirí beagáinín níos fuaire lá i ndiaidh lae. 

26.8.10

Ní raibh a fhios agam inné...

...go raibh an athchúrsáil éigeantach i mBrent, Londain.

...go mbíonn dealú gainéad ar siúl an t-am seo den bhliain ar oileán Sula Sgeir, Albain, agus go n-itear iad!

...go gcabhraíonn Coimisiún na Gaeltachta le daoine ainmneacha oiriúnacha Gaelacha a thabhairt ar a dtithe (eolas ag bun an naisc).

Nach suimiúl an saol é.

25.8.10

Cinsireacht na leabharlainne...?

Tá bord lasmuigh de leabharlann na hollscoile ar a bhfágtar leabhair nach bhfuil ag teastáil níos mó. Ní bhíonn mórán ann go hiondúil, ach i ndiaidh glantachán mór an tsamhraidh tá carn beag ann ag fanacht go foighneach ar léitheoirí. (Ach sula bhfaigheann tú eitilt go Cardiff, a Áine, is as Fraincís agus Gearmáinís an cuid is mó dhóibh!)

Thugas an ceann seo faoi ndeara inné. Leabhar mór "Administrative Reform" caite amach ón leabharlann. An bhfuil foireann na leabharlainne ag iarradh gearrthacha siar a sheachaint?!



22.8.10

Ábhair teanga d'fheabhsaitheoirí?

Chomh maith le roinnt Ghaidhlig a fhoghlaim, chaith mé an tseachtain seo ag cur feabhas ar mo Ghaeilge ag éisteacht leis na Gaeilgeoirí eile sa rang. Chuala mé focail agus phrásaí nua a bhaineann le cánúintí áirithe. Gnáth-phrásaí úsáideacha a bheadh go nádúrtha ag cainteoir dúchasach. Ach anois, ar ais i gCardiff, níl seans agam labhairt as Gaeilge taobh amuigh den ollscoil. (Agus ní mór an seans taobh istigh dó ach oiread).

An bhfuil ábhair teanga le fáil d'fheabhsaitheoirí? Ní foclóirí atá i gceist agam. Ná leabhair gramadaí. Tá siad agam cheanna féin. Ach leabhair nó dlúthdhioscaí a mhúinfeadh nathanna cainte nádúrtha dom? A gcabhródh liom an Béarlachas a sheachaint. Agus a gcuirfeadh snas le saibhreas mo chuid cainte. Ar chóir dom éisteacht le cláracha áirithe raidió nó teilifíse ar an idirlíon? (Airím an clár Focal Faire fós uaim.) Nó úrscéalta Gaeilge? Cad a dhéanann sibh féin? Moltaí le bhur dtoil...

Cho sona ri bròg

Bhuel, táim ar ais ar an idirlíon th'éis seachtain spreagúil a chaitheamh ar Eilean a' Cheo ag foghlaim Gàidhlig. Bhí mé "cho sona ri bròg" ann - nó chomh sásta le bróg - agus cén fáth nach mbeadh? Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, bia deas sláintiúil ar an mbord chuile oíche agus buíon chairdiúil Ghaeilgeoirí sa rang liom. Ní fhéadfainn foireann agus áiseanna Sabhail Mor Ostaig a mholadh níos airde. 


I ndiaidh dom 12 uair a thiomáint ar ais inniu, táim traochta. So, fanfaidh mé im' thost agus fágfaidh mé libh le pictiúir ón tseachtain...


Ó radharc álainn...


Go hadharca álainne.










An Garraí Glasraí


D'fhéadfainn fanacht ag obair ann go deo.



12.8.10

Óstán Taj Mahal

Athosclóidh Óstán Taj Mahal i Mumbai an deireadh seachtaine seo i ndiaidh dhá bhliain agus £24 milliún a chaitheamh air. Maraíodh 166 duine san óstán i 2008 nuair a ionsaíodh é. Míleataigh ón bPacastáin a bhí ciontach as an ionsaí.

Foilsíodh pictiurí inniu don óstán nua, a bhunaíodh céad bhliain ó shin, i ré impireacht na Breataine. Thugas faoi deara go raibh cosúlachtaí idir an óstán agus foirgneamh in Éireann, a bhaineann leis na Breatanaigh chomh maith.

Ceann amháin a mheall uasaicmí na hImpireachta i bhfad ón mBreatain...




























...agus an ceann eile, a choinnigh smacht ar íosaicmí na réabhlóide níos gaire don bhaile.
















10.8.10

Gafa le madraí uisce

OK, admhaím go bhfuil neart scríofa agam faoina madraí uisce le gairid, ach caithfidh mé scéailín eile a insint daoibh futhu.

Mar a dúirt mé cheana, chonaic mé madra uisce amuigh ag fiach nuair a bhí mé sa mbaile. Ní fhaca mé a leithéid riamh, agus d'inis mé an scéal faoi do fheirmeoir áitiúl sa tábhairne an oíche sin. Bhí scéal aige fhéin futhu, ar ndóigh. 

Do tháinig sé ar mhadra uisce sínte ar thaobh an bhóthair lá amháin, leagtha le gluaisteán agus marbh. Chaith sé sa bhúit é agus ar aghaidh leis abhaile chun glaoch a chur ar an seitheadóir. Bheadh costas EUR250 air é a dhéanamh. Bhuel, bhí sé sin i bhfad róchostasach dó.

"I still have him in the freezer", a dúirt sé liom go dáiríre.

"And that was four years ago". Ní raibh sé ag magadh.

"Would you like him?"

Níor ghlac mé leis, faraor! Ach tá íomhá fós i m'aigne do mhadra uisce bocht ina luí ar mhála piseanna sa reoiteoir.

Dála an scéil, táim chun an tseachtain seo chugainn a chaitheamh ar oileán Sgiathanach, nó Eilean a' Cheo, agus deirtear sa leabhar turasóireachta go bhfuil go leor madraí uisce ann. Tá tearmann dóibh, fiú, i ndeisceart an oileáin. Ach tuilleadh faoi sin le teacht...





9.8.10

Ar chúl an tí

Ní raibh gach rud ina phraiseach nuair a tháinig mé abhaile ón saoire. Bhí rud amháin ag fanacht orm a chuir gliondar ar mo chroí. Ar chúl an tí, sa gharraí beag lom, bhí (agus tá) ár gcrann, aonarach, piorraí clúdaithe le torthaí.



Nach bhfuil sé go hálainn. Tá na piorraí fós crua, ach beidh siad réidh go luath agus ba mhaith liom deoch nó bia a dhéanamh uathu - is mise an garraíodóir, ní gá dom iad a roinnt ;) So, má tá recipe i gcomhair leann nó cáca nó sorbet agaibh, bígí i dteangmháil le bhur dtoil.

PS. Seo é an crann níos luaithe sa bhliain agus é faoi bhláth. Aoibhinn i rith an Earraigh, torthúil i rith an Fhómhair. 


3.8.10

Lacha Gaga
















Nílim róshásta bheith ar ais i gCardiff th'éis saoire deas fada a chaitheamh sa mbaile. Tá an teach ina phraiseach agus an iomarca le scríobh agam don choláiste. D'éirigh mé níos measa fós nuair a chonaic mé fáinne sábhailteachta caite sa chuan gar don teach. Duine gaga eile, ar ndóigh. Ar a laghad bhí lacha ag baint sult as agus cuma gaga air chomh maith.

Ó lacha gaga go Lady Gaga, tá moladh faighte ag an bpopceolaí le déanaí agus a gruaig athraithe go liath aici ar chlúdach Vanity Fair. Agus nach bhfeileann sé di? Tá a fhios agam go bhfuil an hair dye costasach, a chailíní, ach seans go bhfaighfeá bus pass leis.











1.8.10

Cliché Conamara
















Bhuail mé le hasal mo charad inné, gar don Indreabhán. Agus thiteas i ngrá leis ar an bpointe! Tuigim anois an t-éileamh mór atá orthu - agus an praghas ard atá orthu chomh maith, ar ndóigh. Bíonn asail sona sásta fad is bhíonn comhluadar acu, agus is cuma leo sa tsioc cá as a dtagann an comhluadar sin - asail eile, capaill, ba, caoirigh. Nach tréith álainn é sin. 
















'Sé "Rambo" an t-asal is sásta i gConamara. Tá dhá chapall leis sa ghort agus radharc álainn aige ar oiléain Árainn. (Thiteas i ngrá leis an gcapall bán seo chomh maith).

D'fhoghlaim mé phrása nua ó mo chara:

"chomh sureáilte is atá cros ar asal".

Nach deas é mar abairt? Tá cuid dá "chros" le feiscint ar a dhroim sa phictiúr seo.