29.9.10

Is Mise Áine, an blagálaí...

(In ómós don t-aon bhlag nach bhfuil luaite ina dán fhéin).

Is Mise Áine, an blagálaí,
Mo scéalta á roinnt,
Le scáileáin an ghréasáin,
Go cainteach gan caint.

Scrollaigh siar ar mo thráchta,
Lán comhairle is spraoi,
Le corr-straoiseog fánach
ASG* ;)

Suite i gCeann Scríbe
I gcónaí ullamh
Le focal fáilteach
Ó sheomra folamh.




*Deirim "Ag Scaoileadh Gáirí" don acrainm seo, an bhfuil an ceart agam?!

28.9.10

Ionsaí na gColúr, agus ainmhithe salacha eile...

Tháinig siad go tobann, ar nós stealladh báistí. Do chuala mé iad ar dtús, ag rinnce ar an díon. Thugas faoi ndeara níos luaithe sa lá go raibh builín aráin caite ar an díon plaisteach ar chúl an tí (cé a dhéanfadh é?), agus cuireadh fearg orm go mbeadh ormsa é a ghlanadh. Ach ansin thosnaigh ionsaí na gcolúr. Sé nó seacht dóibh. A ngoba ag cnagadh go mírithimiúil os cionn mo chinn. A chosa le feiscint faoin bplaisteach. Ní rabhas chomh sásta riamh colúir a fheiscint im' shaol.


Is léir go bhfuil fadhb againn le glaineacht agus sláinteachas sa tigh. Ag teacht liom ar ais go Caerdydd i ndiaidh droch-sheachtain a chaitheamh sa mbaile le déanaí, bhí an teach - go háirithe an chistin - ina phraiseach, bia caite ar an urlár agus soithí salacha fágtha ar feadh seachtaine. Shocraigh mé róta a scríobh ar an bpointe - rud nach ndearna mé riamh cheanna. Táim róshean don tseafóid seo. D'éirigh leis an róta mo chomhghleacaithe a spreagadh chun glantacháin, seachas Aaron, (tá Fernando ar saoire), an t-aon Éireannach eile sa tigh agus fear fíor-leisciúil ó thaobh an obair tí de. Mo náire thú, a Aaron. Ahhh, mothaím i bhfad níos fearr anois. Is obair teiripeach í an scríbhneoireacht seo :)


Agus mé ag caint faoi ainmhithe salacha, tá Tiger Woods - bhuel, déarfadh a bhean chéile gur ainmhí salach é ;-) - i Newport na Breataine Bige i gcomhair comórtas mór Corn Ryder 2010. Bhí siad an-ghnóthach le déanaí bóithre a dheisiú agus snas a chur ar chathracha agus bailte an cheantair. Glanadh Balla na nAinmhithe i lár cathair Chaerdydd. Is aoibhinn liom an balla seo agus an cúig dealbh déag d'ainmhithe fiáine air.


Nóta deireanach faoi ainmhithe fiáine. Táim 100% gafa le cluiche nua iPhone "angry Birds" - á imirt sa charr ag soilsí tráchta, sa leithreas, sa leabharlann. Sáite ar leibhéal 4-19. Sin ráite, caithfidh mé imeacht agus triail eile a bhaint as sula n-imím a chodladh a chairde... Oíche mhaith.





23.9.10

Níor scríobh mé faoi mhadraí uisce le mí anuas anois...


Bhuail mé le mo chara arís agus mé sa mbaile ar an deireadh seachtaine. Do bhain mé geit as/aisti agus mé ag spaisteoireacht gar don mhainistir in aice le bealach uisce cois cuain. Léim an madra uisce thart ar feadh tamaill, agus faoi dheireadh d'éirigh sé aníos ón uisce agus stán sé/sí orm amhail is gur dobhrán* dúr dallintinneach a bhí ionam. Leis sin, d'imigh sé/sí as radharc faoin uisce arís.

Déarfainn go bhfuil poll an mhadra uisce gar don áit, is fíor gur suíomh iontach oiriúnach a bheadh ann, le bealach uisce agus féar fada chun teacht 's imeacht go ciúin, chomh maith le sean-chrainn casta ann i gcomhair poll deas dorcha a chruthú. 'Sé easpa gnáthóga, agus ní an truailliú uisce, an fhadhb is mó atá ag na madraí uisce sa lá atá inniu ann. Agus moltar dúinn poill a thógáil dóibh - as lomáin, géaga agus brící, fiú - sna ceantracha nach bhfuil sean-chrainn fós iontu. Dála an scéil is port álainn é Poll an Mhadra Uisce sa cheol traidisiúnta (nach bhfuil cuma an-aisteach ar an gcaitheamh tabac sna tithe tábhairne anois?!)

*Is fearr liomsa an t-ainm 'madra uisce' a ghlaoch ar an ainmhí seo, ach tá rogha fhocal ann sa Ghaeilge dó. Tá dhá chiall ag an bhfocal 'dobhrán', áfach, (1) madra uisce agus (2) duine dúr dallintinneach. Ní dóigh liom go bhfuil an focal sin oiriúnach ar chor ar bith don ainmhí glic gníomhach seo. Úsáidtear 'dobharchú' go minic chomh maith. Agus mé ar an Eilean Sgiathanach, thugas cuairt ar thearmann dúlra ar an gcósta ansin, agus léigh mé an méad seo faoin 'ndobharchú'... Ní dóigh liom go bhfuil an t-idirdhealú céanna againn i nGaeilge na hÉireann idir ghnáth-mhadraí uisce agus an fear fireann nó 'rí' mar atá luaite thíos.

14.9.10

Googleáil na Gaeilge

Nochtadh locht gramadaí ar an mblag seo seachtain ó shin ar phrása a bhí aistrithe agam le cabhair ó Ghoogle, nuair a scríobh mé: "Mar bhíonn dhá theanga agam". (Táim cinnte nach é mo chéad bhotún, ach ceann bunúsach náireach a bhí ann). Táim buíoch de Dennis as ucht an cheachta.


Dennis King

[...] Nuair a úsáidtear “mar” mar chónasc (= because), ní shéimhíonn sé an focal ar a lorg: mar tá, mar bíonn.


John

[...] Ní rabhas cinnte faoin séimhiú i ndiaidh 'mar' sa chás sin. Ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam... ach rinne mé cuardach ar Ghoogle do "mar bíonn" agus "mar bhíonn" agus bhí níos mó ann leis an séimhiú. Is léir nach féidir brath air. Arís, ba chóir go mbeadh sé ar eolas agam.


Tá sé ró-éasca/róthapa phrásaí a aimsiú ar chuardach Google, seachas na rialacha ghramadaí a chuardú i gceart sna leabhair. Agus mise a bhí thíos leis.

An úsáideann sibhse cuardaigh mar sin uaireanta? Nó, an mise an t-aon duine leisciúil anseo? An bhfuil acmhainn leictreonach eile a bheadh níos oiriúnaí don chineál ceiste seo?

***

Ní thuigim conas a bhfaightear na torthaí ach, dála an scéil, ní hionann na hinnill chuardaigh ar fad. Seo hé liosta torthaí ar na hinnill chuardaigh is coitianta ar an idirlíon.

Google: mar bhíonn: 4160, mar bíonn: 2820
Yahoo: mar bhíonn: 225, mar bíonn: 714
Bing: mar bhíonn: 64, mar bíonn: 212
Ask.com: mar bhíonn: 1950, mar bíonn: 1330

B'fhéidir gur chóir dúinn Bingáil in áit Googleáil amach anseo?!

13.9.10

Fainic! Tá sé ag teacht...

Glactha i gCaerdydd, 13.09.2010

11.9.10

Leabhair le dó

Má tá fonn ort leabhar a dhó inniu - agus cén fáth nach mbeadh? - tá moladh nó dhó agam duit, ó Waterstones, Cardiff...

An bhfuil dúil agat san uafás rómánsúil? Elizabeth bhocht agus na diabhal zombaithe? (Cé a cheannaíonn an tseafóid seo?)
















Nó b'fhéidir gurbh fhearr leat na leabhair is leadránaí a scríobhadh riamh faoi shean-bhusanna na cathrach.
















So, fág do Chórán ar an tseilf, maith an fear/bhean, agus tosnóimid leis na fíor-droch-leabhair.

10.9.10

Post Príobháideach




















Tá sé ráite ag rialtas na Breataine inniu go ndéanfar príobháidiú ar an Royal Mail go luath. Fógraítear an méad sin go minic, ach is dócha go mbeidh brú níos troime an uair seo dul ar aghaidh leis an bplean de bharr an cúlú eacnamaíochta. 

Ní bhím i bhfabhar seirbhísí phoiblí a phríobháidiú go hiondúil. Is seirbhís riachtanach é an post, gan amhras. Pléitear go minic an tábhacht a bhaineann le fir poist na tuaithe go háirithe, agus an tseirbhís áitiúil phearsanta a chuirtear ar fáil ann. Tuigim cé chomh tábhachtach is a bhí an fear poist dom' sheanmháthair agus í ina cónaí ina haonar. Fiú mura mbeadh sí ag caint leis, tugadh muinín di go mbeadh cuairteoir ag an teach i gcás práinneach. Go minic 'sí an oifig phoist an t-aon áis a bhíonn le fáil go háitiúil. 

Ach ní hionann an scéal sa chathair, ina gcónaíonn breis is 90% de mhuintir na Breataine. Ní bhíonn aithne ag daoine ar an bhfear nó mbean phoist. Go minic éistítear le ceol agus iad ag obair. Maidin inné fuair mé fógra tríd an doras ag rá go rabhas as láthair nuair a thángthas le beart dom. Seafóid. Bhí mé féin agus cara tí sa teach ag an am. Bhí an postaí róleisciúil fiú cnagadh. Nuair a chuaigh mé go dtí an ionad sortála inniu, ag an am a bhí molta ar an bhfógra, bhí an beart fós in easnamh acu. Agus fear drochbhéasach taobh thiar den chuntar. (Mar a deireann an Cowelleach - Cá bhfuil mo diabhal beart?!!!)

An bhféadfaí an córas uirbeach a phríobháidiú? Gan cur isteach ar ár bhfir poist luachmhara faoin tuath?

7.9.10

Ceol an mhadra

Tá aithne againn uilig ar an gcat agus an bosca bruscair, ach ar chuala sibh riamh faoin madra agus an bodhrán?

http://www.youtube.com/watch?v=oRK_SMrvaNY

Ahhhhh...

6.9.10

Greann Gaeilge/Béarla

Neacht, neacht.
Who's there?
Two nieces.

***

Why are Gaeltacht girls the best kissers?
Mar bíonn dhá theanga acu.

(Tá brón orm!)

5.9.10

Cúrsaí reatha

Do rith mé mo chéad leath-mharatón inniu, sa bháisteach, i gcathair bhreá Bhristol. Agus táim beagnach marbh ina dhiaidh. Níl aon tóin tinn mar do thóin tinn féin, mar a dúirt an té a dúirt. (Ní thuigim go díreach conas atá mo thóin chomh tinn seo: mo chosa a bhí ag fulaingt ar feadh trí mhíle déag).

Bhí stráitéis agam ón tús, tosnú le míle mall (sa chás seo, tús lag leath na hoibre), an luas a mhéadú idir 2-10 míle agus iarracht ráib a thabhairt sa deireadh. Agus d'oibrigh sé. Chríochnaigh mé in 1 uair 45 nóim. Go breá sásta liom fhéin.

Is cathair álainn í Bristol, agus bhí cúrsa breá socraithe tríd an chathair agus suas síos Avon Gorge. Le radharcanna aoibhne do dhroichead Clifton (a tógadh le Isambard Kingdom Brunel). Agus seachas an bháisteach, cnoc nó dhó, roinnt cosáin sleamhaine (agus an tóin tinn, ar ndóigh) bhaineas an-sult as an ócáid.

Maratón Baile Átha Cliath, seo liom.