29.11.10

Fáilte go Facebook

D'iarr Dennis orm cur síos a dhéanamh ar Facebook dó, toisc nach bhfuil taithí ar bith aige ar an suíomh sin (in ainm Dé, a Dennis, cá raibh tú le 6 bliana anuas?!) Muna bhfuil tú i do bhall don "suíomh gréasánaithe soisialta" sin, tá sé deacair a phróiséis soisialta a shamhlú. Mar atá ráite ar mo phróifíl - focal deas Facebook ansin - tá suim agam i "bpobail" an idirlín, so, ní fhéadfainn le hiarratas Dennis a dhiúltú. Ní haon saineolaí mé féin ar an ábhar (dála an scéal, tá mac léinn in Ollscoil Luimní ag scríobh PhD faoi), ach seo liom ar aon chuí...




De réir mar a fheicimse, tá trí bhealach ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga idirghníomhach ar Facebook - le do "chairde", le "grúpaí" agus mar aistritheoir. Úsáidim an téarma "teanga idirghníomhach" anseo le cur in iúl daoibh go mbíonn léamh agus scríobh ar siúl.






Cairde
'Sé an áit is coitianta teagmháil le daoine ar Facebook ná i do ghréasán pearsanta féin. Bíonn liosta "cairde" ag gach duine. Ní mór duit bheith glactha mar chara ag duine éigin sula bhféadann tú a phróifíl iomlán a fheiceáil, griangrafanna a roinnt leis agus a theachtaireachtaí poiblí a léamh. Tá thart fá 150 cara agamsa faoi láthair, mar shampla, ach bíonn i bhfad níos mó ag daoine eile. Scríobhtar ar "bhallaí" daoine, 'sé sin an cuid poiblí den suíomh pearsanta, nó i "dteachtaireachtaí príobháideacha" nach bhfuil le feiscint ach amháin ag an seoltóir agus na seolaithe. Ba chóir go mbeadh aithne agat ar gach duine i do ghréasán pearsanta cheana féin, so dá bhrí sin níl ann ach modh eile dul i dteagmháil leo. Déantar tagairt sna teachtaireachtaí faoin saol mór agus go hiondúil úsáidtear an béarlagair céanna is a n-úsáidtear nuair a bhuailtear le chéile go pearsanta. Teachtaireachtaí gairide faoi ghnáth-imeachtaí an tsaoil a bhíonn á phlé ann den chuid is mó. Úsáidtear scríbhneoireacht neamhfhoirmeálta go minic, ag braith ar an duine, le hacrainneacha, gearr-litriúcháin, straoiseoga, srl. Athraítear an "stádas" go minic. Is cineál smaoineamh an lae é an "stádas" a bhíonn le léamh ag cách ar bharr do leathanaigh. Go minic ní bhíonn ann ach cur síos gairid ar mhionshonraí an tsaoil. Is féidir "clib" a chur ar duine i ngriangraf chun iad a athnú agus a chur ar an eolas faoi. Úsáidtear "Comhrá" freisin chun caint le cairde atá ar-líne, is cineál Instant Messenger é. Ó thaobh na teanga de, úsáidtear an teanga céanna is a n-úsáidtear sa ghnáth-shaol. Má's Gaeilge a labhraítear le chéile "as líne", is dócha gurb í an Ghaeilge den chuid is mó a bheidh á scríobh ag daoine "ar líne".




"Is maith liom"
Chomh maith leis an ngréasán cairde, is féidir eagraíochtaí, clubanna, comhlachtaí áirithe agus grúpaí Facebook a leanúint ag braith ar do shuimeanna agus chaitheamh aimsire féin. Léirítear an liosta suimeanna sin faoin teideal "Is maith liom" ar phríomhleathanach an duine. Cabhraíonn sé le daoine eolas a fháil ó eagraíochtaí, srl., faoi eachtraí nó cruinnithe atá le teacht. Is féidir teachtaireachtaí daoine eile, taobh amuigh dod' chairde, a léamh ar na suíomhanna "Is maith liom" agus b'fhéidir dul i dteagmháil leo nó fiú cuireadh chun cairdeas a sheoladh chucu. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sé sin rómhinic, áfach! Tá dhá eagraíocht Gaeilge ar mo liosta "Is maith liom": Conradh na Gaeilge, agus Macallaí. Faighim fógraí faoi imeachtaí uathu go minic, agus is bealach éasca é dul i dteagmháil leo freisin.


Aistritheoirí
Tá pobal an-suimiúil d'aistritheoirí Gaeilge ar Facebook, chomh maith. Gnáth-bhaill iad, a dhéanann aistriúcháin ar théarmaíocht an suímh. Tá 27 aistritheoir "gníomhach" ag obair air faoi láthair, le breis is 48,500 focail aistrithe acu go dtí seo - sin 77% de théarmaíocht Facebook cheana féin. Is féidir le gach ball den suíomh bheith páirteach ann. Cuireann Facebook phrásaí Béarla os comhair an pobal aistritheoirí (mar shampla, tá siad ag fanacht ar an gceann seo faoi láthair: "Sorry, but your download generation failed"), déantar moltaí orthu agus cruthaíonn Facebook liosta de na moltaí sin le go gcaithfidh baill eile vótaí ar son an aistriúcháin is fearr. Mar sin, braitheann sé go huile is go hiomlán ar na leagain tearmaíochta a thaitníonn leis na baill. Ar ndóigh, is bealach fíor-shuimiúil corpas focal a aistriú, gan pingin airgid a chaitheamh air. Bronntar gradaim agus boinn fíoriúla ar na haistritheoirí is fearr. Tá clár plé ann freisin, ach ní bhíonn mórán teagmháil air. Teachtaireachtaí dátheangacha faoi aistriúcháin áirithe a bhíonn á phlé ann den chuid is mó.


Bhuel, sin é m'anailís simplí faoi. Ar a laghad thug sé sos dom ón ngéarchéim eacnamaíochta :(


An bhfuil do dhóthain eolais ansin agat, a Dennis?

22.11.10

checktheregister.ie

Faoi dheireadh thiar thall is cosúil go mbeidh seans againn fáil réidh leis an rialtas.

Cibé tuairim atá agat futhu, bí cinnte go bhfuil d'ainm ar an gclár toghcháin.

18.11.10

An t-Aon Rud Dearfach

...ón bpraiseach eacnamaíochta agus polaitíochta ina bhfuil muid faoi láthair ná an méad díospóireachta atá ar siúl le déanaí maidir le haitheantas, náisiúnachas, daonlathas agus, ar ndóigh, todhchaí na hÉireann. Agus ní amháin in Éirinn atá sé ar siúl, ach i measc an diaspóra freisin ar shuíomhanna agus ar leathanaigh na meáin idirnáisiúnta. Bhí suim ag fir agus mná léinn sna hábhair sin riamh, chomh maith le cuid mhaith iriseoirí (nuair a fheil sé dóibh), ach don chéad uair im' shaol (seachas b'fhéidir aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta) mothaím go bhfuil go leor leor gnáthdaoine ag plé le ceisteanna móra an Stáit. Má tá rud dearfach le teacht as an ngéarchéim 'sé an t-athbhreithniú ar an mbealach ina riartar an Stát. Tá súil agam go mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe agus, níos tábhachtaí fós, go mbeidh athruithe móra déanta roimh chomóradh 2016, agus go mbeimid níos láidre agus níos cothromaí i ndiaidh an phróiséis.

In ómós do Mharian Finucane... éistim lena clár go rialta agus ní ghlacann sí le leath-fhreagraí agus ráiméis na bpolaiteoirí. Bíonn mífhoighne le brath ina guth aici agus go minic bíonn uirthi an cheist ceannann céanna a chur orthu faoi dhó nó faoi thrí chun freagraí cruinne a fháil ar an scéal. Bíonn ceist amháin go minic á phlé aici go háirithe le lucht an fhreasúra: cá raibh an argóint mhalartach? Nach raibh na geallúintí céanna ag an bhfreasúra tuilleadh airgid a chaitheamh, go háirithe i rith an toghcháin deireanaigh? Conas a athrófar an córas polaitíochta sa tír amach anseo ionas nach dtarlóidh a leithéid de phlámás go deo arís?

Mo mholadh chomh maith leis an Irish Times. Thaitin an t-alt seo liom inniu, cuir i gcás. Agus i measc na mbuarthaí agus na gciorraithe ar fad thaitin an t-alt seo go mór liom freisin. Ar a laghad beidh Irish mammies agus Munster finals againn go deo buíochas le Dia.

16.11.10

I ndáiríre dáiríre?

Tá Stephen Fry chun páirt a ghlacadh sa seó Ros na Rún ar TG4.

Bhí orm an féilire a sheiceáil ar maidin, ach ní Aibreán é.

Ag súil go MÓR leis an eagrán sin den sobaldráma. Is aoibhinn liom Fry agus a ghreann cliste.

Do bhí eagrán speisialta don sobaldráma Breatnach Pobol y Cwm lonnaithe i Ros na Rún i 2004, agus dúradh liom go raibh Ros na Rún in ainm 's a bheith ag taifeadadh ar seit Phobol y Cwm chomh maith, ach theip ar an bplean sin, faraor. Sin ráite, tá scríbhneoir Breatnach ag obair ar RnaR faoi láthair. So, ní bheadh a fhios agat...

9.11.10

Y corff - An corp


D'fhoghlaim muid an corp sa rang Breatnaise anocht, agus bhí go leor focail cosúil leis an nGaeilge. Seo liosta dóibh, ón méad a d'fhoghlaim muid.

Coes - Cos
Llaw - Lámh
Dwrn - Dorn
Trwyn - Srón
Clust - Cluas
Iau - Ae
Pen - Ceann
Penglin - Glúin
Penelin - Uilleann
Gardwrn - Rosta (gar don dorn)
Bola - bolg

Agus focail eile a bhaineann leis an gcorp...
Dall - Dall
Marw - Marbh (agus Tarw - Tarbh, Garw - Garbh)

7.11.10

An Ealaín


IS EALAÍN É...
muna bhfuil míniú air.
IS FAISEAN É...
muna iarrtar míniú air.
IS DEARADH É...
muna dteastaíonn míniú air.

An méad sin ó fhógra crochta in ionad Crefft yn y Bae, an t-ionad ceardaíochta is fearr a chonaic mé riamh. Cuireann caighdeán agus ealaíontacht na gceirdeanna iontas orm i gcónaí agus, mar is gá sa lá atá inniu ann, tá caifé álainn ann freisin leis an gcaifé is fearr atá le fáil i gCuan Caerdydd (agus, faraor, an foireann is drochbhéasaí :( atá le fáil ann freisin).

Gach uile cineál ceirde ann, eolas faoina ceardaí, taispeántais agus gearrchúrsaí le déanamh, agus na ceirdeanna beagnach ar fad ar díol ar phraghasanna éagsúla, leis an mbrábús ag dul i dtreo na gceardaithe.



Is breá liom an geata seo, déanta as iarann, ar phraghas £892. Oh, dá mbeinnse saibhir...

6.11.10

S4C i mbaol
















Tháinig slua 2,000 duine, cuid mhaith dóibh lena bpáistí óga, amach os comhair Halla na Cathrach anseo i gCaerdydd inniu i mbun agóide i gcoinne ciorruithe agus athstruchtúrú S4C. Cé nár thuig mé mórán den chaint (bhí 6 óráid ann, 5 acu as Breatnais), léirigh an agóid an fearg atá ar phobal na Breatnaise faoina hathruithe seo.

Tá sé fógartha ag rialtas Con-Dem na Breataine go ndéanfar gearradh siar 25% ar bhuiséad an chainéil, agus go gcuirfear S4C faoi bhainistíocht an BBC i Londain. Tar éis 28 bliain ar aer, mar sin, tiocfaidh deireadh le neamhspleáchas an cainéal fuinniúil ceannródaíoch seo. Socraíodh an méad sin gan labhairt le bainistíocht an chainéil, an pobal Breatnaise ná polaiteoirí Tionól na Breataine Bige fiú.

Tá go leor leor déanta ag an mBBC ó thaobh dul chun cinn mionteangacha na Breataine, ach is baolach go laghdódh guth agus cumhacht S4C sa chorporáid ollmhór sin. Agus nach bhfeilfeadh socruithe Londain do chás na teanga i bhfad siar dóibh i ngleannta agus sléibhte na Breataine Bige.

Cáis mhagaidh




















So, tá an rialtas chun cáis a roinnt le boicht na tíre ó 'shliabh cháise' na hEorpa saor in aisce. Is dócha go bhfuil sé tuilte againn, agus muid go léir chomh ciúin le lucha ag fanacht ar an ngéarghearradh geilleagair atá le teacht. Níor chóir gearán faoin gcarthanacht, ach tá sé deacair glacadh le cáis, nuair atá cait ramhara na mbanc agus an rialtais fós ina n-áit.

Má tá oideas deas uaibh, bain triail as Welsh rarebit. Bheadh sé go hálainn le gloine Merlot ó loch fíona na Bruiséile. Anois, bheinn breá sásta glacadh lena leithéid de charthanacht.

3.11.10

Oireachtas na nGealt

Ní dhéanfaidh mé cur síos anseo ar Oireachtas na bliana seo - tá léirmheas(anna) iontach cuimsitheach scríofa ag Áine faoi. Ach déarfaidh mé an méad seo, nach raibh an oiread sin craic agam le fada an lá. Faraor, ní raibh deireadh seachtaine chomh ahem cultúrtha agus a bhí uaim, ach níl an milleán ormsa bíodh a fhios agat, bhí na beáir plódaithe an deireadh seachtaine ar fad agus iad lán sásta glacadh le m'airgead go moch ar maidin. Déanaim mo dhícheall cur leis an ngeilleagar agus mé sa tír ;) Níl a fhios agam cárb as a tháinig an slua, ach ní raibh siad sásta imeacht go dtí go raibh an beár tirim agus an úrlár damhsa báite leis an allas. Bhaineas an-sult as bualadh le sean-chairde agus ar ndóigh aithne ceart a chur ar chairde nua an bhlagasféir. Go mbeirimid beo ag an am seo arís, a Áine agus Prionsias, thíos sa Gleneagles le hairgead inár bpócaí agus piontaí (nó caifé dubh) inár nglac.