17.12.10

Le himeacht an ama



Earrach, Samhradh, Fómhar, Geimhreadh,
Deireadh bliana i gCaerdydd bhán.
Beannacht ort le linn na saoire:
Teach breá te, is bolg lán.

10.12.10

Turas go Tintern x2

Thug mé cuairt ar mhainistir Tintern ar an Satharn agus mé sa Bhreatain Bheag, agus cuairt eile ar mhainistir Tintern ar an Máirt agus mé in Éirinn! An dá cheann acu suite cois aibhneacha in oirdheisceart a dtíortha. Cé go bhfuil siad ina bhfothraigh anois, faraor, do bhí nasc láidir idir mhanaigh an dá mhainistir tráth. I mo thuairim féin, tá foirgneamh níos fearr ag mainistir na Breataine Bige, ach suíomh níos deise ag mainistir na hÉireann. Ach b'fhéidir go bhfuil mé leataobhach ar son mainistir Loch Garman - rugadh agus tógadh mé in aice leis!

Mainistir Tintern (Abaty Tyndyrn), Cymru


Ar ndóigh tá cáil ar mhainistir na Breataine Bige mar gheall ar dhánta William Wordsworth. Tá an mhainistir suite i ngleann abhainn Wye díreach ar theorann Sasana. Tógadh é sa 12ú aois agus bhí sé faoi smacht na Cistéirseach ar feadh 400 bliain go dtí Díscaoileadh na Mainistreacha ag Henry VIII. Goideadh an luaidhe ón díon agus clocha ón bhfoirgneamh agus fágadh é ina bhfothrach ó shin. Níl ann anois ach ballaí briste, colúin agus corr-fhuinneog fholamh. Ach tá draíocht fós ag an mainistir ard ársa seo, tá éadroime le braith ina hailtireacht agus fuaimíocht den chéad scoth, cé go bhfuil an díon imithe le fada an lá.

Mainistir Tintern, Loch Garman


Tá scéal suimiúil ag baint le bunú na mainistreach seo sa 13ú aois. Do bhí tiarna Sasanach, darbh ainm William Marshall, ar bhád amach ó chósta Loch Garman oíche stoirmiúil. Gheall sé do Naomh Áine go dtógfadh sé mainistir ar a son dá dtabharfadh sí slán é ón stoirm. De réir an scéil, thuirling an bád faoi dheireadh isteach i gcuan Bhanú san áit ina bhfuil fothrach na mainistreach inniu. Nuair a bhí an foirgneamh tógtha ag Marshall thug sé cuireadh do mhanaigh Tintern na Breataine Bige mainistir a bhunú san áit. Sin an fáth go nglaoitear Tintern de Voto - Tintern na Móide - uirthi. (Glaoitear Tintern Major ar an gceann eile). Arís, tháinig deireadh le ré na manach le teacht an Díscaoilte, ach i gcás Tintern na hÉireann úsáideadh é mar theach cónaithe ag muintir Cholclough, tiarnaí talún Sasanacha ina dhiaidh. Bhí ball de mhuintir Cholclough fós ina cónaí ann sa 20ú aois sular tugadh ar ais don Stát é sna 60aidí. Tá an OPW á athchóiriú ina mainistir ó shin i leith.

7.12.10

Muileann an tSneachta

Bhí orm filleadh ar an seanfhód inné, agus an áit fós clúdaithe le brat tiubh sneachta. Thosnaigh sé ag cur sneachta go trom arís ar maidin - deis deas agam dul ag siúl agus griangrafanna a ghlacadh don cheantar. Ar an mbád ar ais go Caerdydd anois. An mbeidh an sneachta fós ann nuair a thagaim ar ais i gceann coicíse? Ní dóigh liom é. Tháinig an bháisteach ar an mbealach go Ros Láir.

Muileann an tSáile tSneachta

Súil siar ar mo theachsa

Tigín mo mhamó

Guinness Extra Extra Cold lasmuigh den local











1.12.10

An Geimhreadh i gCymru


Príomh-halla na hollscoile agus an ghrian ag dul faoi.


Na cnoic gar don chathair.