31.3.11

Foirgnimh gránna eile...

meme (mím?) ar an idirlíon faoi láthair aghaidheanna daoine (mí)cailiúla a aithint i bhfoirgnimh.

Mar shampla...

...an teach seo i Swansea, atá cosúil le Hitler agus a bhearradh gruaige uathúil...


...teach eile atá in ainm's a bheith cosúil le Jackie Healy-Rae agus a chaipín speisialta...


...agus céard faoin teach ó mo bhlagmhír deireanach, atá cosúil le Marilyn Monroe agus a spota scéimhe? No?



Ar a laghad, beidh sé níos éasca breathnú amach air/uirthi as seo amach ;)

29.3.11

Tá an foirgneamh is gránna a tógadh riamh...

...díreach trasna an bhóthair ó mo theachsa. Seo é an radharc ó fhuinneog mo sheomra. Ní mór dom breathnú air chuile mhaidin nuair a osclaím na cuirtíní. Eurghhh.


An bhfaca tú aon áit chomh gruama gránna riamh? 'Sé an t-aon fhoirgneamh a bheadh níos deise dá gcrochfaí clár mór fógraí air. Is é Club Coimeádach atá ann, a bunaíodh chun iar-oibrithe na nduganna a mhealladh chuig an Phairtí Coimeádach. Bunaíodh go leor clubanna mar seo thar timpeall na Ríochta Aontaithe agus, de réir mar a thuigimse, tá Club (conspóideach) Coimeádach fós i mBÁC. Is cuimhin liom daoine ag gearán faoi ar Joe Duffy, toisc gur gá fós bheith i do Phrotastúnach sula ligtear duit bheith i do bhall. Ar a laghad, tá an club Bleá Cliathach lonnaithe i sean-fhoirgneamh deas i ndeisceart na cathrach.


Ar ais chuig mo chlub féin. Ní amháin go milleann sé ár sráid, Burt Street, ach tá sé chomh gránna ar an taobh eile chomh maith. Sin í fuinneog mo sheomra thar an doras dearg.


Radharc eile anseo don dá thaobh. Is dócha gur Flatiron Building Caerdydd atá ann!

Chun deireadh a chur leis an mír seo, agus leis an gclamhsán, seo daoibh radharc eile ó chúl an tí. Ahhhh, tá fáilte mhór roimh na bláthanna sin arís. B'fhearr dom stop a chur leis an mblagadóireacht, agus tús a chur leis an ngarraíodóireacht!








16.3.11

Níos gaire do Bherlin ná do Bhirmingham?

Agus faoiseamh gairid agam ón ól, idir deireadh seachtaine an rugbaí agus deireadh seachtaine Naomh Pádraig, shocraigh mé bhur n-aird a tharraingt ar sraith shuimiúil atá ag an Guardian faoi láthair faoin Eoraip Nua. Mar chuid den tsraith seo, tá treoir idirghníomhach acu ar staid na 27 tír san Aontas Eorpach.


Is aoibhinn liom an cineál seo eolais. Léiríonn sé go soiléir le huimhreacha agus graificí na difríochtaí agus éagsúlachtaí atá eadrainn. So, an bhfuil aon rud spéisiúil ann faoinár dtír féin? An bhfuilimid, mar a fhiafraíonn an teideal, níos gaire do Bherlin ná do Bhirmingham?

Bhuel, roghnaigh mé roinnt torthaí suimiúla ón treoir.

Gar do Bhirmingham:
An oiread mac léinn atá ag staidéar teanga eachtrannach ar mheánscoil. Ar ndóigh, tá náire orainn anseo. Táimid níos fearr ná an Bhreatain, ach i bhfad níos measa ná tíortha na mór-roinne, mar gheall ar chumhacht an Bhéarla gan amhras.

Gar do Bherlin:
An oiread measa atá againn ar Pharlaimint na hEorpa. Meas tú an laghdóidh an figiúr amach anseo?!

Gar do Pháras:
An ráta torthúlachta is airde san Eoraip. Chuirfeadh sé sin gliondar ar mo chroí mura mbeadh na mílte ag imeacht ar imirce.

Gar don Róimh:
An ráta colscartha is ísle (i bhfad ó Bhirmingham sa cheann seo). B'fhéidir gur tír Chaitliceach muid fós?!

Gar do Nicosia agus an Lucsamburg:
Fás ar dhaonra na tíre i 2060. De réir na bhfigiúirí beidh 50% níos mó duine sa tír. (Níl a fhios agam an bhfuil an ráta eisimirce is déanaí curtha san áireamh).

Gar do thíortha bheaga eile na hEorpa:
Ráta íseal dúnbhásaithe, buíochas le Dia.

Gar don bhun:
Úsáid an idirlín, blaganna agus gréasáin sóisialta. Chuir an t-eolas sin iontas orm, ach de réir na bhfigiúirí nílimid chomh gafa leis an t-idirlíon is atá Eorpaigh eile.

Gar don deireadh:
Na figiúirí eacnamaíochta ar fad. Ach tá sé sin ar eolas againn le tamaill fada.

Hmmmmm, ábhar machnaimh daoibh ansin. Nó, b'fhéidir nach bhfuil. Caith súil ar na figiúirí sibh féin anseo.

4.3.11

An Pinc Polaiteoir II

Táthar ag glaoch Def-Lepard-At-The-K-Club ar stíl uathúil Mick Wallace TD ar broadsheet.ie.

Bhuel, muna bhfuil aon rud deas le rá agat, ná habair faic...



...sin ráite, tá an ceart acu :)

3.3.11

Ros na Ruaille buaille

Bhí a fhios agam cheana féin go mbeadh Ros na Rún aisteach anocht. Tá go leor leor poiblíochta déanta ag TG4 ar eagrán speisialta FryDay.

Ach chomh maith le caimeo Stephen Fry, ní rabhas ag súil le...

...carachtar nua Iodálach, Salvatore, a labhair Iodáilís, Béarla agus Gaeilge...

...Bernie agus Séamus ag caint as Béarla...

...agus Máire ag ligint uirthi gur Conallach í (sílim gur canúint Chonallach a bhí i gceist aici ar aon chaoi).

Tá aithne agam ar fear bodhar i Loch Garman atá an-tógtha leis an gclár mar gheall ar na fotheidil. Ach, má tá éinne sa lucht féachana dall, leis na teangacha agus canúintí ar fad, ní bheidh barúil ar bith acu céard a bhí ar siúl anocht!

Le cúnamh Dé beidh gach rud ar ais mar an gcéanna sa sráidbhaile go luath :) mar dhea.

2.3.11

Is tír rugbaí í an tír seo...


Ní hí!

Is tír chruicéid anois í!

Anois, níl ach ceithre lá againn leis na rialacha a fhoghlaim roimh an cluiche in aghaidh na hIndia.

Deirtear gur chuir Italia '90 tús leis an tíogar ceilteach. Meas tú, an gcuirfidh Corn Domhanda Cruicéid '11 deireadh leis an ngéarchéim?!

1.3.11

An Pinc Polaiteoir

Glaoitear "Hairy Mick" air, nó fiú "Pink Mickey", ach pé leasainm a chuirtear air, beidh orainn "TD" a chur ina dhiaidh as seo amach, agus é tofa mar bhall neamhspleách don 31ú Dáil.

Bhris Mick Wallace sean-dlíthe na polaitíochta ar fad agus é i mbun feachtais san oirdheisceart. Níor shocraigh sé cur isteach ar Dáilcheantar Loch Garman ach trí sheachtain roimh an toghchán, níor thug sé geallúint ar bith don toghlach, agus ní bhfuair sé culaith oibre nua, ná bearradh gruaige is léir, dá phostaer. Tá sé beagnach bancbhriste, báite i bhfiacha €40 milliúin óna chomhlacht togála, agus níl taithí ar bith aige ar an bpolaitíocht, cé go bhfuil tuairimí láidre aige, faoi mar a bhí crochta suas aige le linn Cogadh na hÍaráice agus Conradh Nice, ar mheirgí i 'gceathrú Iodálach' BÁC, ceann de na forbairtí is cailiúla a thóg sé sa tír.

Cuireadh feachtas spreagúil ar siúl ar a shon ar Facebook agus fuair sé moladh ó laoch mór sacair an chontae, Kevin Doyle. Bhunaigh Mick club sacair na Wexford Youths sa chontae, agus gan dabht bhí foireann láidir tacaíochta aige dá bharr. De réir a lucht canbhasála, thrasnaigh go leor daoine bóithre agus sráideanna an chontae chucu le bileoga Mick a fháil.

De réir Mick, tá ár gcóras polaitíochta lofa, agus cé go mbeadh sé níos fusa "to take the Mafia out of influence in southern Italy", beidh sé ag troid ar son córas nua a chur i bhfeidhm ionas nach dtarlóidh a leithéid de cronyism riamh arís. Agus, sa deireadh, is dócha, b'shin é an rud is mó a bhí ag teastáil ó thoghlach Loch Garman. Fuair sé an líon is mó vótaí sa Dáilcheantar - 13,000 - agus toghadh é sa chéad chomhaireamh.

Táim ag súil go mór lena ghuth neamhspleách a chloisteáil sa Dáil.

Agus gan dabht a stíl, ahem, neamhspleách a fheiceáil i dTeach Laighin, chomh maith.

Lá 'le Dáibhí...


Dydd Gwŷl Dewi Sant hapus...
mar a déarfá.