29.1.12

Thuas staighre, thíos staighre

Seo mar a bhí leabharlann na hollscoile maidin inné...



Bhí a fhios agam nach dtéann 'gnáth' daoine go dtí an leabharlann ar an deireadh seachtaine.

De réir dealraimh, tá sraith nua den chlár teilifíse Upstairs Downstairs á thaifeadadh timpeall sean-fhoirgnimh na hollscoile faoi láthair. Tá súil agam nach mbeidh an dragan dearg bocht le feiscint thar cheannceathrú na Naitsithe.

18.1.12

"Jóc" trí-theangach

(Nó b'fhéidir ceithre-theangach má ghlacann tú le Schwarzenegger mar fhocal Gearmáinise.)


Céard a dúirt Arnold Schwarzenegger
ar thuras timpeall na Breataine Bige, 
nuair a chonaic sé an litir 'b' sa chás íochtair 
don dara uair?


"Ail b bach".


Tá brón orm faoi sin ;)

17.1.12

An Bhéasaíocht, de réir na bhFrancach

Bím ag freastal ar rang Fraincíse san ollscoil gach seachtain, ach ní an teanga amháin a bhíonn ar fhoghlaim againn. Cuireann an múinteoir, bean deas de Nimes, béim ar chultúr na tíre sin chomh maith. Dhírigh sí isteach ar bhéasaíocht na bhFrancach ó thaobh béilte de le gairid. So, conas a d'éireodh libh dá dtabharfaí cuireadh duit chuig cóisir dinnéir sa Fhrainc...?

A) Deirtear 'a hocht a chlog' ar an gcuireadh? Cén t-am is fearr duit an teach a shroichint?

B) Ba mhaith leat bronntanas a thabhairt d'fhear agus bean an tí. Cad a thógfá leat?

C) Tógann tú bláthanna. Cad é an t-aon chineál blátha nach bhfuil ceadaithe de réir na rialacha?!

D) Is fear thú. Buaileann tú le bean ag an mbéile nach bhfuil aithne agat uirthi. Ar chóir d'fhear an tí (i) tusa a chur in aithne di, nó (ii) sise a chur in aithne duit, ar dtús?

Freagraí thíos...


Freagraí
A) 8.15. Tugtar 'le quart d'heure de politesse' air. Ciallaíonn sé sin go mbeidh am ag bean an tí í féin a shocrú i gceart sula dtagann na cuairteoirí.
B) Seacláidí, bláthanna, cáis... Ach NÍOR chóir duit fíon a thabhairt dóibh, toisc go mbeadh brú ar fhear an tí an buidéal a oscailt i rith an bhéile, rud a chuirfeadh isteach ar a phlean fíona féin!
C) Chrysanthemum. Is don reilig amháin na bláthanna sin!
D) (ii) Cuireann tá mná in aithne d'fhir, agus daoine óga in aithne do dhaoine aosta, ar dtús.

11.1.12

Úrscéalta Úra

Fuair mé na leabhair seo don Nollaig ó dhaoine éagsúla, agus tá sé mar phríomhchuspóir agam iad a léamh go luath sula mbrúnn an téarma nua ollscoile - agus na leabhair móra troma agus na haltanna acadúla leadránacha a bhaineann leis - anuas orm.


Tá an leabhar sa lár léite agam cheana féin - nach deas é an focal 'sólás'? Léigh mé go sciopaí é in ainneoin nár thaitin sé ar dtús liom, ach choinnigh mé leis toisc go raibh beirt eile dom' theaghlach á léamh ag an am céanna agus bhíos ag iarraidh é a phlé leo. Cheapas go raibh na carachtair ró-nua-aimseartha dom, abair, go raibh a saolta ruainín beag ró-sofaisticiúil. Ach i ndiaidh dom leathchéad leathanach a léamh, thit mé i ngrá leis an leabhar, gan fhios dom, de réir mar a chuaigh mé i dtaithí ar na príomhcharachtair. 

Tá ard-scil ag an údar Belinda McKeown - 'sé a chéad úrscéal, cé go bhfuil go leor taithí aici mar iriseoir - comhrá a scríobh go nádúrtha, meascán de chanúint Longfoirt agus nathanna cainte an nua-shaoil. Agus ba bhreá liom an bealach inar roinn sí an scéal idir an chaint agus na smaointe a rith leis in intinní na gcainteoirí, gur léirigh sí smaointe rúnda neamhlabhartha na gcarachtar linn. Cheapas freisin gur chuir sí síos ar shaol na tuaithe sa lá atá inniu ann ar bhealach a bhí réalaíoch, inaitheanta, nach raibh rómánsúil ná ag brath ar shean-chlíséanna.

Ach b'fhéidir ag deireadh an lae gur chuir an leabhar seo go mór i bhfeidhm orm mar gur ionannaigh mé leis an bpríomhcharactar Mark, atá ina mhac léinn, ag streachailt lena PhD, agus é beagnach tríocha! 

4.1.12

RTÉ 2 Inniu

Seo daoibh sceideal iomlán an lae inniu ar RTÉ 2. Seachas an Nuacht agus 'Roy' (agus B'FHÉIDIR ceann nó dhó dos na cláracha do pháistí) níl clár Éireannach AR BITH eile sa sceideal. Sea, ar an dara stáisiúin náisiúnta inniu ní raibh clár ar bith ar aer idir 17.30 - 23.05 a déanadh in Éirinn. In ainm Dé, an bhfuil muid ag íoc as ceadúnas teilifíse don tseafóid seo...? Agus an cacamas seo ar fad á chraoladh acu nuair atá RTÉ ag 'céiliúradh' 50 bliain ar aer. A leithéid de chruthaitheacht agus neamhspleáchas.

06.00 Children's Shows 
09.15 Scannán: Barbie in a Mermaid Tale - Meiriceánach
10.30 Children's Shows
14.20 ThunderCats - Cartúin Meiriceánach
14.45 Scannán: Beethoven's Big Break - Meiriceánach
16.30 Matt Hatter Chronicles - Meiriceánach
16.55 Roy - Éireannach
17.30 True Jackson, VP - Meiriceánach
18.00 Neighbours - Astráileach
18.30 The Simpsons - Meiriceánach
19.00 Masterchef Goes Large - Sasanach
19.40 Masterchef Goes Large - Sasanach
20.50 Only Fools and Horses - Sasanach
21.20 CSI: Miami - Meiriceánach
22.15 CSI: Crime Scene Investigation - Meiriceánach
23.05 News; Weather - Éireannach
23.35 La Vie En Rose - Francach
02.00 Mad Love - Meiriceánach
02.25 The Big Bang Theory - Meiriceánach
02.45-6.00 News; Weather - Éireannach

1.1.12

Lámh in uachtar ag Cill Chainnigh

An bhfaca sibh an pictiúir seo do bhainis Tommy Walsh ar an Indo hAoine Sathairn? Is cosúil go bhfuil trí lámh ag a bhean álainn! Lámh lena fear céile nua, lámh ar a gúna galánta, agus lámh le greim ar a bouquet bláthanna.



Fear le hocht All Stars agus bean le trí lámh... má tá mac acu amach anseo, ní bheidh bua go deo ar iománaithe Cill Chainnigh ;)