28.2.12

Focail ghaolmhara sa rang

Dhá fhocal gaolmhar idir an Bhreatnais agus an Ghaeilge ar bhalla rang scoile a thaitin liom le déanaí...



LL i gcóir Llong (long), a bhí agam cheana.

Agus N i gcóir Neidr (neathair nimhe s'againne).

Agus Mam bhocht sáite i lár baoill.

Ar ndóigh is litir ar leith é LL sa Bhreatnais. Mar shampla, cuirtear an dá litir isteach in aon bhosca amháin i gcrosfhocail, agus tá tíleanna ar fáil sa leagan Breatnaise den chluiche Scrabble ar a bhfuil an dá litir scríofa. Tarlaíonn an rud céanna le CH, DD, FF, NG, RH agus TH freisin.


Ag caint faoi RH, cuireann sé mearbhall ar mo mhic léinn nach féidir séimhiú a chur ar R, agus 'rhith mé' a scríobh san aimsir chaite, mar shampla. Bíonn sé chomh nádúrtha sin é a dhéanamh sa Bhreatnais. Faraor, ní hé sin an t-aon rud faoin nGaeilge a chuireann mearbhall orthu.

17.2.12

Ó theangacha Ceilteacha go haibítir na Rómhánach

Chruthaigh mé taispeántas beag le déanaí, i leabharlann na hollscoile, ar scríbhneoireacht na dteangacha Ceilteacha thar na cianta. Bhaineas úsáid as cartlann na leabharlainne agus a bailiúchán de shean-leabhair Bhreatnaise agus Ghaeilge, chun athruithe sa bhealach inar scríobhadh na teangacha sin - ón ogham ar aghaidh - a léiriú.

Agus fuair mé go leor cabhair ó Dennis, a bhíonn ag scríobh go rialta faoi nótaí imill na lámhscríbhinní Gaelacha, chomh maith le go leor ábhar eile, ar a bhlag iontach. Tá súil agam go bhfuil an cur síos gairid ar scríbhneoireacht na manach cóir agus cruinn, a Dennis. Ar aon chaoi, seo daoibh an leagan Béarla/Breatnais don taispeántas.

15.2.12

Cá dtéann frapaí teilifíse i ndiaidh an taifeadta?

Suas ar dhíon Ollscoil Chaerdydd is cosúil.


Noo-Noo agus an TARDIS ar bharr na hollscoile inniu, in éineacht le píosa Tetris. Ní dóigh liom go bhfuil Noo-Noo bocht róshásta lena chomhluadar.

13.2.12

Léigh an cló beag

Is grá liom an cárta seo atá le fáil i Siopa Aonad na Mac Léinn an tseachtain seo.


Ní chreidim fós gur phós mé tusa*

*'sé sin le rá, gur rud iontach a bhí ann.



Cé go dtaitníonn sé go mór liom, ní dóigh liom go ndíolfaidh siad mórán dóibh. Níl go leor daoine pósta in Aonad na Mac Léinn!

6.2.12

Ómós an Uachtaráin

Inniu, lá comórtha 60 bliain do réimeas Éilís, cloisfear go leor tráchtanna dearfacha ar an mbanríon aosta. Agus tuige nach gcloisfear? Fiú, sa Bhreatain Bheag, tá ardmheas ag an ngnáth-duine uirthi, ar a spiorad agus ar a diongbháilteacht ó thaobh cúraimí a róil de. Mothaím go bhfuil tuilleadh measa uirthi sa mbaile freisin, tar éis an chuairt stairiúil anuraidh. Fiú muna dtaitníonn an mhonarcacht leat - agus admhaím nach dtaitníonn sé liomsa - ní mór duit an bhean 85 bliain d'aois seo a mholadh as ucht a dínite.


Chuir an cluiche rugbaí inné i gcuimhne dom, áfach, buntáistí ár gcórais féin an ceann stáit a cheapadh. Admhaím go raibh cuma cineáilín greannmhar ar Mhichael D beag agus é i mbun fáilte a chur roimh fhathaigh foireann na Breataine Bige, ach i ngan fhios dom féin líon mo chroí le bród nuair a chonaic mé straois ár n-uachtaráin nua ar an scáileán mór sa phub - seans go raibh an iomarca beora ólta agam ag an uair! Seo duine aosta, maorga, diongbháilte eile, ach le cruthaitheacht, fuinneamh is fís. Go mairfidh a straois :)