29.3.12

Captaen Scott

Scott agus a fhoireann
--- Oates, Bowers, Scott, Wilson, Evans ---

Ar an lá seo 100 bliain ó shin, cailleadh Captaen Scott agus a fhoireann ar chlár bán an Antartaigh. Bhí siad ar an mbealach ar ais ón bpol theas, áit ina bhfuair siad bratach na hIorrua a d'fhág Amundsen ann 5 seachtaine rompu. In ísle brí, i gcoinne na drochaimsire, gortaithe, gan fuinneamh, gan bia, agus gan ach 11 míle ón ndídean a bhí fágtha dóibh, cailleadh an cúigear fear sa bhfuacht.

Dealbh Scott i gcuan Chaerdydd,
leis an Eaglais Iorruach sa chúlra

Ba í Caerdydd an áit dheireanach sa Bhreatain ina raibh Scott. Sheol a long - an Terra Nova - amach ó chaladh Chaerdydd ar an 7 Meitheamh 1910. Tá dealbh den taisceálaí sa chuan sa lá atá inniu ann, in aice leis an Eaglais Iorruach agus an bratach céanna a bhí ag fanacht air i lár an Antartaigh.

Laistigh den Eaglais Iorruach - mar is iondúil d'eaglaisí
na dtíortha Lochlannacha tá long beag crochta ón síléar



27.3.12

Bród

Seo iad mo rang oíche Gaeilge agus iad i mbun canadh Óró Sé Do Bheatha Bhaile. Iarradh orainn an t-amhrán a thaifeadadh don chlár Brendan Dunne's Bród Club ar RTÉ 1, feachtas teilifíse atá ar siúl faoi láthair chun caint na teanga a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag léiritheoirí an chláir sin an t-amhrán iomlán a chur le chéile le míreanna beaga ó ghrúpaí amhránaithe ar fud an domhain. Sin é Staid na Mílaoise sa chúlra, an siombal is mó - dár linne - don chathair seo.


Ag caint faoin 'mbród', táim thar a bheith mórtasach as na mic léinn seo - mo chéad rang Gaeilge riamh. Thosaigh siad ag staidéar Gaeilge bliain go leith ó shin agus nuair a chríochnaigh siad an siollabas a bhí leagtha amach san ollscoil, d'iarr siad orm rang oíche a chur ar fáil dóibh. Tá ag éirí leo leis an gcúrsa TEG, agus tá súil agam go mbeidh siad in ann an scrúdú A2 den chúrsa sin a dhéanamh amach anseo. Is cainteoirí Breatnaise iad agus, ar ndóigh, cuidíonn sé sin go mór leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus níl siad cuthaileach ar chor ar bith, faoi mar a fheicfidh sibh thíos. 





22.3.12

Gnách, meánach, normálta

Is maith liom na cnaipí seo thíos ar cheann de mheaisíní caife na hollscoile. Tugann siad deis duit láidreacht do chupán tae a roghnú - idir STRONG, NORMAL agus MILD.

Roghnaím féin 'normal', ar ndóigh. Is breá liom úsáid an fhocail sin, cuireann sé in iúl dom go bhfuil rud mínormálta mínádúrtha leis na daoine sin a thaitníonn tae láidir nó lag leo. Agus is dócha go bhfuil :) Sure, dá mbeadh siad 'normálta' bheadh an cnaipe NORMAL á bhrú acu.


Dála an scéil, níl aon rud 'normálta' faoin meaisín seo. Goideann sé mo 70p go rialta gan faic a thabhairt dom. Uaireanta eile ní thugann sé ach leathchupán tae dom. Agus tagaim ar ais chuige arís is arís. B'fhéidir nach bhfuilim féin normálta ag deireadh an lae.

15.3.12

Coirnéal beag Pháras i gCuan Chaerdydd


Nach álainn an foirgneamh seo thuas? Is é an Malartán Guail atá suite i seancheantar chuan Chaerdydd, agus cuireann sé sráideanna geala Pháras i gcuimhne dom (go háirithe ar lá deas grianmhar mar seo). Tógadh é sna 1880aidí nuair a bhí an chathair agus a caladh i mbarr a réime. Ba í Caerdydd an caladh ba ghnóthaí ar domhan an uair sin, mar gheall ar thionscal an ghuail. Scríobhadh an chéad seic riamh ar luach £1,000,000 ann sa bhliain 1901 ag rialtas Mheiriceá chun na mílte tonna guail a cheannach dá chabhlach. Ba ionad trádála domhanda é an uair sin, an áit inar socraíodh praghas an ghuail go hidirnáisiúnta. Faraor, tháinig meath ar an tionscal sin sa Bhreatain i lár an chéid seo caite, agus dúnadh an Malartán Guail sa bhliain 1958. Cuireadh deireadh le heasportáil an ghuail ón gcaladh sé bliana ina dhiaidh. 

Is ionad siamsaíochta é sa lá atá inniu ann, agus bíonn suas le 1,000 duine ann go minic ag breathnú ar cheolchoirmeacha, drámaí agus taispeántaisí. Úsáidtear an foirgneamh seo agus na seanshráideanna mór timpeall air i dtionscal na scannánaíochta, agus bíonn drámaí - Dr Who agus Torchwood ina measc - á dtaifeadadh ann go fíor-mhinic. De dheasca an meatha ghinearálta i gceantar an chuain, níor forbraíodh an áit thar na blianta, agus is féidir saol an chéid seo caite a athchruthú ann go simplí.

12.3.12

Máithreacha Móra na Rúise

Faoi mar atá a fhios agaibh, tá an-spéis agamsa i gComórtas na Eoraifíse, go háirithe na 'hamhráin' sin a thagann ón iar-Aontacht Shóivéideach. So, tháinig gliondar ar mo chroí nuair a chuala mé iontráil na bliana seo ón Rúis. Party for Everybody an t-ainm atá ar an seod ceoil seo (físeán thíos) atá á chanadh ag grúpa pinsinéirí ón gceantar Udmurt, 1300 míle soir ó Mhoscó. Is sa Bhéarla, sa Rúisis agus i dteanga réigiúnach an Udmairt a chanann na sean-mhná - teanga a bhfuil 15 thuiseal aici (agus cheap muidne go raibh an Ghaeilge deacair!) Dála an scéil, is é Mikhail Timofeyevich Kalashnikov, ceapadóir an AK-47, an duine is cáiliúla ó réigiúin an Udmairt, faoi mar a mhíníonn an t-alt greannmhar seo ón Irish Times

Caithim a rá gur bhreá liom an t-amhrán, agus na sean-mháithreacha soineanta atá á chanadh. Chuirfeadh sé dea-ghiúmar ort. Mo cheol iad.



Thaitin an lógó seo liom ar veain a bhí pairceáilte sa chathair le déanaí. Comhlacht soilsithe atá ann, a bhíonn - is cosúil - ag déanamh gnó ar fud na hEorpa. Cé go mbíonn tíortha in úsáid go minic san fhograíocht - dhá shampla thíos - ní fhaca mé riamh cruth na mór-roinne á úsáid mar sin. Ní hé go bhfuil an sampla seo ró-ealaíonta, agus tá an-chuid tíortha in easnamh ann - an leath thoir den mhór-roinn agus na tíortha Lochlannacha ina measc, ach is deas an dearadh é. Agus ar leibhéal an tsiombalachais, cuireann sé i gcuimhne dom gur fhás an tsibhialtacht Eorpach faoi mar a thuigimid inniu é ón nGréig ó thús. Sna laethanta seo, agus an Ghréig go mór i mbéal an phobail ar ábhair thromchúiseacha agus na Gréigigh á cháineadh sa Ghearmáin, mar shampla, faoina 'leisce', is fiú cuimhneamh go bhfuil an tír sin i lár na hEorpa agus ní ar a himeall.

Éire í féin ag tiomáint go sona sásta.

Cruth na hAifrice curtha go héifeachtach ar fhógra Live 8.



1.3.12

Gŵgl Dewi Sant

Dydd Gŵyl Dewi Sant hapus i chi... o 'Gŵgl' ;)