27.9.12

Ar Son na Cáise

D'fhreastal mé ar Fhéile Cháis na Breataine an Satharn seo caite a bhí ar siúl i lár chaisleán Chaerdydd. Cheapas féin agus mé ag taisteal chun na féile nach mbeadh mórán le feiscint ann - fuaireas cuireadh chun freastal air, ní mise a cheannaigh na ticéidí. Ach ag sroichint an chaisleáin liom an mhaidin úd, thuigeas go mbeadh an-lá againn. Scuaine fada lasmuigh d'áirse mhór an chaisleáin, banna ceoil ag seinnt go gealmhar laistigh, agus pubaill curtha suas i ngach coirnéal den chlós le rogha leathan táirgí istigh iontu - beor, subh, leann, seatnaí agus, ar ndóigh, cáis... iad go léir lámhdhéanta ag comhlachtaí beaga baile.

Radharc ón túr ar chlós an chaisleáin. 
















Bhí ticéad speisialta faighte againn do cheardlann a bhí dírithe ar cháiseanna na hÉireann, áit ina bhfuair muid blaiseadh beag de deich gcáis éagsúla idir cháiseanna bó, gabhar agus caorach. Cáiseanna feirme a bhí iontu, agus thug beirt bhan an tí (nó an phubaill, ba chóir dom a rá) léargas dúinn ar na comhábhar a bhí iontu, an próiséas ina ndéantar iad, agus na daoine a bhí á ndéanamh. Beirt iar-bhuaiteoirí ón bhféile a bhí iontu féin - Quinlan Steele ó Milleens, agus Helen Finnegan ó Knockdrinna - agus bhí samplaí dá gcáiseanna féin san áireamh. 

Quinlan Steele ó Milleens
Helen Finnegan ó Knockdrinna
Is bean fhíor-spéisiúil go deo í Quinlan, a thosaigh ag táirgeadh cáise sna 70aidí nuair nach raibh ach monarchana móra á dhéanamh in Éirinn. Tá cáil bainte amach ag a cáiseanna ar fud an domhain anois - agus beidh sí ag taisteal go dtí an Aetóip go luath, creid é nó ná creid, chun a scileanna a roinnt le gnáthmhuintir na tíre sin agus iad ag iarraidh tuilleadh bia a chruthú as a n-áiseanna srianta féin.

An rogha cáiseanna

I measc na gcáiseanna a bhí le blaiseadh againn, bhí - ag tosnú leis an gceann thuas i gcúinne na láimhe deise agus ag leanúint síos agus timpeall an chiorcail i dtreo an chloig)...
Crozier Blue (Co. Thiobraid Árann)
Bellingham Blue (Co. Lú)
St Tola (Co. an Chláir)
Cooleeney (Co. Thiobraid Árann)
Kilree (cáis Helen, Co. Chill Chainnigh)
Gubeen (Co. Chorcaigh)
Killeen (Co. na Gaillimhe)
Milleens (cáis Quinlan, Co. Chorcaigh)
Coolea (Co. Chorcaigh)
agus an ceann bán thíos faoin dticéad...
Ardsallagh (Co. Chorcaigh)
agus bhí braoinín beag leanna againn lenár mbéil a nglanadh, bíodh a fhios agat.

Dála an scéil, is féidir na cáiseanna bó a aithint ón dath buí atá orthu.

19.9.12

Slew/slua

Foghlaimíonn tú rud nua gach lá, go háirithe nuair a léann tú blag Róislín faoin nGaeilge. Mar shampa, níor thuig mé gur tháinig an focal Béarla 'slew' - "he asked me a slew of questions" - ón bhfocal Gaeilge 'slua' go dtí inniu. Laidhc, duhhhh...

Ní mó focal Béarla a bhfuil sanasaíocht Ghaeilge acu - rud atá spéisiúil go leor nuair a smaoinítear ar an méad Gaeilgeoirí a chuir futhu sa Bhreatain, SAM agus an Astráil. Ar ndóigh, tá 'smithereens' agus 'galore' ar eolas againn go léir. Agus deirtear go dtagann an focal Meiriceánach 'phoney' ó 'fáinne' s'againne, mar gheall ar na fáinní bréaga a bhí á ndíol ag inimircigh Éireannacha/Shasanacha i Meiriceá. Tá liosta focal eile ag Wikipedia, ach níl siad iomlán cinnte faoi shanasaíocht gach ceann acu. Taitníonn foinse an focal 'hooligan' liom freisin agus 'kybosh'.

Déanfaidh mé iarracht inniu an focal 'slew' a úsáid chomh minic agus is féidir liom le mo chairde Breatnacha. Ar mhaithe le dul chun cinn na Gaeilge, bíodh a fhios agat!

16.9.12

Comhghairdeas le Cailíní Loch Garman



Murach na mná arís i mbliana... tá cluiche ceannais na camógaíochta buaite ag mná Loch Garman don tríú bliain i ndiaidh a chéile. A leithéid de chluiche - 3 cúl ag an dá fhoireann - agus ard-scil agus paisean á thaispeáint acu i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Beidh mé ann an tseachtain seo chugainn i gcomhair an cluiche mór idir Maigh Eo agus Dún na nGall. Má fheicimid an oiread sin lúthchleasaíochta agus diongbháilteachta i measc na bhfear, beidh an t-ádh dearg linn.

14.9.12

Cruth na gContaetha

Is gíc ceart mise chomh fada is a bhaineann sé le léarscáileanna. Agus is cuimhin liom trácht a léamh uair amháin ar chruth Chontae Muineacháin agus an chosúlacht idir é agus cruth na hIaráice. Gan amhras, tá siad an-chosúil lena chéile agus, de réir an bhlaig seo, bhí ar chumann Mhuineacháin mapa den chontae a bhaint óna meirge i bparáid lá 'le Pádraig i Nua Eabhrac de dheasca na cosúlachta.


Chuir sé sin mé ag smaoineamh... an bhfuil cosúlachtaí idir na contaetha eile agus tíortha/ceantracha eile i bhfad uathu. Seo thíos mo liosta go dtí seo. Ba bhreá liom léarscáil mhór d'Éirinn a chruthú astu am éigin, mar sin má smaoiníonn sibh ar doppelganger do na contaetha eile, bí i dteagmháil liom.

An Iarmhí...

...agus Niger

Luimneach...

...agus Poblacht na hAfraice Láir

An Mhí...

...agus an Fhrainc

Agus an ceann is ansa liom...

Laois

...agus cathair Bheirlín

12.9.12

Do Molly, Mise agus Sióg

Toisc gur cruthaíodh an t-idirlíon chun físeáin fhéilíneacha a roinnt, agus chun iarracht a dhéanamh Denis a mhealladh ar ais chuig an mblagaisféar (tá cat agus Fraincís ann, a Dennis!), seo daoibh Henri, cat atá faoi chois ag an saol mór. Ar ndóigh, d'fhéadfainn na mílte físeáin de chait a thaispeáint anseo, ach thaitin scéal Henri bocht agus a crise existentielle go mór liom. Tá súil agam go bhfuil Molly, Mise agus Sióg ag baint níos mó súip as an saol...


6.9.12

Arán Donn - blasta gan a bheith casta

Thriáil mé oideas aráin a fuair mé ó m'aintín le déanaí - oideas atá fool-proof dar liomsa, toisc go raibh mise in ann é a chócaireáil, gan dul ar an idirlíon nó glaoch a chur ar mo mháthair, fiú! (DAS, cad é an Ghaeilge ar fool-proof?)

D'úsáid mise plúr caiscín a raibh síolta lusa na gréine, ros lín
agus muiléad ann, a chuir blas, dath agus uigeacht deas leis.


Seo daoibh é. Tá dhá bhuilín aráin i gceist anseo.

Comhábhair:
10 oz Plúr bán
18 oz Plúr caiscín
3 oz Min choirce
1 tsp Salann
1 tsp Siúcra
3 tsp Sóid aráin (criathraithe)
1 Ubh
950 ml Bláthach
(Síolta lusa na gréine/poipiní don bharr má's mian leat)

An tOideas:
Cuir na comhábhair thirime isteach i mbabhla mór agus meascaigh le chéile iad. Buail an ubh go héadrom i mias eile, agus ansin meascaigh an ubh agus an bláthach le chéile. Isteach leis an ubh/bláthach ar na comhábhair thirime agus meascaigh le chéile iad. Cuir an meascán seo isteach in dhá stán builín - le him ar a n-imill - agus cuir in oigheann réamh-théite 200c (nó b'fhéidir 190c i bhfeanoigheann te) nó gasmharc 6 ar feadh 50 nóiméad. Tóg amach iad agus fág iad ar tráidire sreinge le taetuáille thar timpeall orthu.

2.9.12

Droch-chló, dea-chló

Gan dabht ar bith tá córas slándála Blogger.com ag éirí níos doiléire de réir a chéile. Seo thíos an focal agus an 'uimhir' a bhí le scríobh agam agus mé ag trácht ar an mhír is déanaí ar bhlag Áine.


Agus mé ag caint faoi théacs ar shuíomhanna gréasáin, taitníonn an clóscríobh a úsáidtear i gceannlínte Le Monde. Nach deas an bealach ina scríobhtar an cheannlitir Q.