24.10.12

An R-fhocal

Cruthaíodh conspóid inné nuair a ghlaoigh an t-iriseoir caomhach Meiriceánach Ann Coulter 'retard' ar an Uachtarán Obama i ndiaidh an tríú díospóireacht idir é féin agus Mitt Romney. "I highly approve of Romney's decision to be kind and gentle to the retard", arsa Coulter ar a cuntas Twitter. Ar ndóigh, is focal maslach é 'retard' sa chomhthéacs seo, focal a thugann drochmheas ar dhaoine atá faoi mhíchumais intleachta, agus focal atá beagnach imithe anois ón dioscúrsa poiblí dá bharr.

Is fiú go mór freagra John Franklin Stephens a léamh ón litir oscailte a scríobh sé chuig Coulter ar an ábhar. Tá siondróm Down ar Stephens, atá 30 bliain d'aois, agus a oibríonn ar son ghluaiseacht na nOilimpicí Speisialta. Tugann an litir, atá scríofa go simplí séimh, léargas dúinn - ó dhuine atá faoi mhíchumas agus a bhíonn ag streachailt le claontacht chuile lá dá shaol - ar an dochar a dhéantar nuair a úsáidtear focail mhaslacha sheanfhaiseanta go leisciúil mar seo.


22.10.12

Níl aon tóin tinn...

...mar do thóin tinn féin. Agus is amhlaidh atá mo thóinín inniu tar éis siúlóid fada fánach timpeall na Bannau Brycheiniog ar an deireadh seachtaine. Ach b'fhiú an tóin tinn - cé go bhfuilim ag streachailt leis na staighre sa bhaile inniu. Féach ar an bpictiúir álainn thíos a ghlac mo chara ón reservoir Neuadd atá gar do shliabh Pen-y-Fan - an sliabh is airde i ndeisceart na Breataine, bíodh a fhios agat ;) Is breá liom an t-uisce lonrach agus an paiste gréine ar mhullaigh Corn Du agus Pen-y-Fan sa chúlra.


17.10.12

Aimsir Bheo

Ní bhreathnaím ar an nuacht nó ní éistim leis an raidíó chun tuar na haimsire sa bhaile a fháil... ní gá dom ach féachaint ar an webcam atá crochta suas ar bhar theach solais Rinn Dubháin agus atá le fáil anseo chun an aimsir a mheas go 'beo'.


Tá cuma fheargach fhiáin ar an bhfarraige ar maidin - bheadh Co. Phort Lairge agus an baile beag gleoite An Dún Mór Thoir le feiscint sa chúlra go hiondúil. Ach ní chuirfidh sé sin isteach ar an líon cuairteoirí a thiocfaidh go dtí an teach solais inniu. Cuireann na tonnta móra bagairteacha leis an gcuairt, ar ndóigh. Agus ní féidir tábhacht an teach solais a thuiscint i gceart ar lá deas séimh.


10.10.12

Machynlleth II

Cuireadh agallamh orm ar an gclár Blas ar BBC Raidíó Uladh anocht maidir le cúis thubaisteach April Jones, toisc, is dócha, go rabhadar ag iarraidh léargas a fháil ón mBreatain Bheag. Ní mór léargas ar leith atá agamsa maidir leis an gcás, cé go bhfuil mé ag leanúint an scéal go géar ó chuaigh an cailín cúig bliana ar iarraidh ag tús na seachtaine seo chaite. Má tá suim agaibh ann seo daoibh an clár... is mise an chéad chainteoir. Ní minic a bhím ag caint go poiblí as Gaeilge mar seo agus tá súil agam nach bhfuil an iomarca botún déanta agam.

DAS, cúisíodh Mark Bridger inniu i gcúirt i gCaernarfon do chorp an chailín bhoicht a chur i bhfolach. Tá sé cúisithe cheana féin maidir lena dúnmharú agus le bheith ag iarraidh an córas dlí a chur as riocht. Is léir ón méid a dúirt na póilíní inniu go bhfuil finnéithe acu, cé nach bhfuil an corp aimsithe acu go fóill. Coinneofar Bridger i bpriosún i Manchain go dtí go dtosnóidh an triail i gceart sa bhliain úr. Idir an dá linn mairfidh an cuardach, atá dírithe ar an abhainn Dyfi sa cheantar, amach anseo.

3.10.12

Aonach Capall Bhéal Átha na Sluaighe...

...inniu.


Capaillíní chuile áit. Nach deas an radharc é?

Buíochas le Broadsheet.ie

Freagracht

Tá an tAire Iompair nua in Westminster tar éis triúir státseirbhíseach a chur ar fionraí de dheasca an phraiseach a rinne siad den chonradh nua iarnróid ar phríomhlíne an chósta thiar le déanaí. Baineadh an conradh ón gcomhlacht Virgin agus tugadh é don chomhlacht First Group, ach mar gheall ar 'bhotúin theicniúla' sa chonradh tá sé curtha ar ceal anois. Dúirt an tAire go mbaineann na botúin leis an Roinn Iompair amháin, agus go ndéanfar léirmheas go luath amach anseo ar an bpróiséas ar fad. (Cosnóidh an briseadh conartha seo £40 milliúin don Stát).

Cuir an cás seo i gcomparáid lenár státseirbhísigh féin, agus na 'botúin theicniúla' a bhí ag Kevin Cardiff agus a fhoireann sa Roinn Airgeadais anuraidh nuair a cailleadh (agus a aimsíodh arís) €3.6 billiúin ó chuntaisí an Stáit. Ní hamháin nár déanadh fiosrúchán faoi láithreach bonn, níor cuireadh duine ar bith ar fionraí... fuair an tUasal Cardiff é féin ardú céime agus post nua le tuarastal €276,000 i Lucsamburg. De réir mar is eol dom, níor aimsíodh éinne ciontach nó freagrach don phraiseach sin fós...

Ní minic a scríobhaim faoin bpolaitíocht, ach baineann sé le 'Cardiff' freisin... ;)
...agus thaitin an cartún seo liom chomh maith!


2.10.12

Machynlleth

Tá an baile beag seo i gcinnlínte na nuachta inniu mar gheall ar an gcuardach atá ar siúl ann faoi láthair don chailín óg cúig bliana, April Jones, atá ar iarraidh ó inné. De réir na dtuairiscí, chonacthas April ag dul isteach i veain sa bhaile timpeall a seacht a chlog tráthnóna inné, agus is cosúil gur fuadaíodh í. Guím gach uile rath ar an gcuardach.

Is baile fíor-bheag é Machynlleth, nach bhfuil ach 2,000 duine ina gcónaí ann, ach bhí a ainm (aisteach, agus beagnach doléite lasmuigh den Bhreatain Bheag) cloiste agam cheana féin, mar gheall ar a stádas stairiúil. Ba sa bhaile seo, deirtear, go raibh an chéad phríomhchathair neamhoifigiúil sa Bhreatain Bheag, nuair a bhunaigh an laoch náisiúnta, Owain Glyndwr, a rialtas ann.

Bhí deacrachtaí ag léitheoirí nuachta raidíó RTÉ ar maidin ainm an bhaile a fhoghrú, agus tuigim a gcás. Is é maˈxənɬɛθ an treoir foghraíochta atá le fáil ar Wikipedia: ma... (cosúil le 'mea' sa bhfocal 'meas')... chyn... (díreach cosúil lenár 'chun' féin)... ll... (an fhuaim fhíor-Bhreatnach sin atá cosúil le cat ag siosarnach)... eth... cosúil le deireadh an fhocail Bhéarla 'death'.

Tá físeán deas ón mBBC faoi ainm an bhaile le fáil anseo (buíochas le hAonghus).