20.12.12

An Aimsir Fháistineach Fhoirfe Chéasta

Bhain an cartún seo gáire asam.


Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid d'aimsir sa Ghaeilge. Níl sé luaite sa liosta aimsirí anseo ar aon chuma. Conas a déarfá abairt an tsicín sícigh? Is dócha go mbeadh ort athrú iomlán a dhéanamh ar chruth na habairte.

Ar an ábhar seo, is é mo dhea-rún don bhliain úr (an bhfuil sé róluath dóibh go fóillín?) ná an aimsir ghnáthchaite a fhoghlaim i gceart. Ní thagann sé chugam, agus is dócha go dtí seo bhíos róleisciúil gan an ghnáth-aimsir chaite a úsáid ina háit. Ach tar éis dom An Hobad a léamh i mbliana, atá lán di agus an t-údar ag cur síos ar eachtraí na bhfear beag, tuigim cé chomh coitianta is a d'fhéadfadh sé a bheith.

Sliabh ard(ghléine)


Foilsíodh an pictiúr seo inniu ar shuíomh gréasáin The Guardian. 'Séard atá ann ná griangraf 2 bhilliún picteilín de Shliabh Everest, a cruthaíodh as 400 griangraf éagsúla, sníofa le chéile. Is féidir zúmáil isteach ar an ngriangraf agus radharc ardghléine a fháil de Everest, ó bhonn go baitheas, na sléibhte timpeall air, agus pubaill na ndreapadóirí ar bhun an tsléibhe fiú. Is fiú go mór breathnú air.

10.12.12

Polasaí Gaeilge RTÉ

Chuireas isteach ar an gcuireadh oscailte atá tugtha ag RTÉ dá lucht féachana agus éisteachta roimh a dtuairimí maidir lena seirbhísí Gaeilge. Cé gur craoltóir poiblí do mhuintir na hÉireann é, shocraigh mé dearcadh an imirceora a léiriú dóibh, 'sé sin na laigí a thug mise faoi dearadh agus mé ag breathnú ar/éisteacht le cláracha RTÉ ón mBreatain Bheag. Seo thíos mo r-phost chucu. Dála an scéil, tá coicís bhreise agaibh bhur n-aiseolas féin a roinnt leo. Ní gá ach r-phost a sheoladh chuig: teanga ag rte ponc ie.


A chara,

Is Gaeilgeoir mise, nach de bhunadh na Gaeltachta mé, atá curtha fúm ag staidéar agus ag múineadh i gCaerdydd na Breataine Bige, agus is le guth an imirceora atá mé ag teagmháil libh inniu. Mar imirceoir a bhfuil suim aige i nuacht, scéalta agus siamsaíocht trí mheán na Gaeilge, braithim go mór ar RTÉ/TG4 chun seirbhísí sa teanga sin a chur ar fáil. Seo thíos mo mholtaí chun na seirbhísí sin a láidriú agus a leathnú...

Ba chóir go mbeadh tuilleadh podchraoltaí Gaeilge le fáil ar rte.ie. Faoi láthair níl ach 7 gclár ó RnaG ar fáil le híoslódáil ar suíomh RTE.ie i gcomparáid le go leor podchraoltaí Béarla ó na stáisiúin eile. Tugann na podchraoltaí Gaeilge deis iontach d'éisteoirí idirnáisiúnta (go háirithe iad siúd atá ar an taobh eile den domhan) coinneáil ar an eolas faoin saol agus faoin teanga sa bhaile.

Ba chóir go mbeadh tuilleadh ábhar Gaeilge le fáil ar an tseirbhís Longwave 252 atá le fáil, mar shampla, ag éisteoirí sa Bhreatain. Seachas an nuacht, ní bhíonn an Ghaeilge le cloisteáil go rómhinic ar an tseirbhís. Tá go leor den chineál cláracha a bhíonn á chraoladh ar Longwave 252 le fáil thar sáile ó stáisiúin eile (táim ag smaoineamh anseo ar chlár Ronan Collins, mar shampla, a bhíonn ag seinnt gnáth-cheol domhanda). B'fhéidir go mbeadh deis agaibh athrú go foinse ó RnaG uair nó dhó sa lá chun blas Gaelach a thabhairt don chraoladh Longwave.

Tréaslaím libh maidir leis na cláracha Gaeilge a bhíonn le fáil go hidirnáisiúnta ar RTÉ Player, mar shampla an tsraith álainn Ar An Oileán atá le feiceáil ann le déanaí. Bíonn ar an lucht féachana breathnú ar na fotheidil ar chláracha réamhthaifeadtha mar sin. Sílim go gcuirfeadh sé leis an tseirbhís (gan mórán obair bhreise) dá mbeadh an rogha ann leagan gan fotheidil a fheiceáil freisin.

Bíonn go leor daoine timpeall na cruinne ag foghlaim Gaeilge i scoileanna, ollscoileanna agus grúpaí pobail. Mar shampla tá rang beag agamsa anseo i gCaerdydd, agus bainim úsáid as an gcúrsa TEG (www.teg.ie) sa seomra ranga. Faraor, bíonn sé deacair acmhainní a aimsiú atá oiriúnach d'fhoghlaimeoirí. Chuirfeadh sé go mór leis an múineadh dá mbeadh sraitheanna Gaeilge le fáil ar bhonn níos fad-téarmaí ar an suíomh rte.ie, go háirithe sean-sraitheanna d'fhoghlaimeoirí - Turas Teanga mar shampla. Léireodh rud mar sin tiomantas RTÉ maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, ní hamháin in Éirinn ach go ginearálta. Féach, mar shampla, ar shuíomh idirlíne an BBC agus feicfidh tú cé chomh díograiseach is atá siad ansin maidir leis an mBreatnais a chur chun cinn. http://www.bbc.co.uk/wales/learning/learnwelsh/ 

Tá pobal láidir Twitter ag feidhmiú go hidirghníomhach as Gaeilge (féach ar www.indigenoustweets.com chun liosta de na cuntais is gníomhaí a fheiscint). Faraor, tá fíor-bheagán cuntas Gaeilge á scríobh ag RTÉ i gcomparáid leis an mBéarla. Mar shampla, ní bhíonn scéalta nuachta á túíteáil as Gaeilge ach go fíor-annamh. Dar liomsa, chuirfeadh cuntais Ghaeilge RTÉ go mór leis an Túítisféar Gaeilge agus thabharfadh sé ábhair chainte dos na húsáideoirí eile Twitter a bhíonn i dteagmháil lena chéile as Gaeilge.

Tá súil agam go nglacfaidh sibh leis na moltaí seo thuas, agus guím gach rath oraibh agus sibh i mbun polasaithe nua Gaeilge a chur chun cinn.

5.12.12

Landáilte

So... bhí mé gnóthach le déanaí agus mé ag bogadh ar ais go hÉireann... ag pacáil, ag malartú airgid, ag athrú árachais... agus ar ndóigh ag fágáil slán le Caerdydd. Níor chríochnaigh mé mo PhD go fóill, mar sin beidh mé idir an dá thír amach anseo ar feadh tréimhse agus mé á chríochnú go páirt-aimseartha.

Cúis an bhogtha mhóir... tá post nua faighte agam in OÉ Gaillimh mar Oifigeach Cumarsáide Inmheánaí. Ag tosnú maidin amárach agus ag súil go mór leis an obair agus an dúshlán romham. Baineann go leor dualgas leis an bpost seo, soláthar cumarsáid dhátheangach san ollscoil san áireamh, agus beidh an méid a d'fhoghlaim mé in Ollscoil Chaerdydd an-úsáideach go deo agus mé ag cur le polasaithe cumarsáide na hollscoile.

Nílim cinnte go fóillín céard a dhéanfaidh mé leis an mblag seo... is léir nach féidir liom 'gael i gcuan Chaerdydd' a ghlaoch orm féin níos mó! B'fhéidir go bhfuil sé in am agam deireadh a chur leis an tréimhse blagála seo agus ré úrnua a thosnú ar bhlag eile. Idir an dá linn, beidh sé ciúin go leor anseo a chairde. Ach ná bígí buartha, beidh mé ag coinneáil súil ghéar ar bhur mblaganna féin amach anseo.

23.11.12

An Lá a Thit an Droichead...


Tá sé curtha ar an mblag seo cheana féin anseo agus anseo - an droichead breá ársa sa bhaile a théann idir mo theach agus an sráidbhaile áitiúil. Ach is oth liom a rá gur thit cuid (mhór) de bhalla an droichid isteach sa bhfarraige inné tar éis duartan báistí agus gaoithe láidre. Agus deirtear go bhfuil cuid eile dó fós i mbaol titim. Faoi mar a bhfeicfidh sibh thíos tá an comhairle chontae ag obair ar an mballa a shábháil anois. Faraor, is cosúil go bhfuil an milleán ar an gcomhairle céanna agus a gconraitheoirí.
Tá neamhaird tugtha don droichead leis na blianta anuas, tá an méid sin soiléir. Breathnaigh ar an eidhneán atá ag fás go tiubh air, tá fadhbanna le fada an lá le pumpa uisce briste i lár an droichid, agus tá na tacaí ar dhá thaobh an áirse creimthe go dona. Ach baineann an damáiste a tharla inné le hobair a déanadh ar bhóthar an droichid mí ó shin agus an chaoi ina bhfágadh é. Cuireadh píopaí nua uisce isteach faoin bhféar taobh istigh den bhalla thíos, agus fágadh an talamh lag agus gan chosaint ina ndiaidh. D'éirigh an talamh trom agus bog i ndiaidh na báistí agus thit an balla. Bhí 'oifigeach caomhnaithe' ar an suíomh inné. Róbheag, ródhéanach, ar ndóigh.
Ní haon iontas go bhfuil muintir an tsráidbhaile trína chéile faoi seo, agus feargach mar gheall air. Droichead atá ag nascadh an dá pharóiste le beagnach 200 bliain (195 bliain le bheith cruinn) ag titim as a chéile. Táthar ag caint anois faoin droichead a dhúnadh ar feadh tréimhse. Sa chás sin, ní bheadh John bocht in ann dul go dtí an teach tábhairne áitiúil 500 slat thar an droichead um Nollag.


Ag leagan cuid den bhalla ar an taobh eile, creid é nó ná creid,
 chun an t-uisce breise a scaoileadh uaidh.


Obair chonraitheoirí an chomhairle mí ó shin lena bpíopaí nua uisce.


22.11.12

"Tithe Tairne"

Is fiú go mór an bailiúchán grianghrafanna seo ó The Guardian a fheiceáil agus a léamh. 'Séard atá ann ná na "tithe tábhairne tairne" atá le fáil sa tSín, sna cathracha sin ina bhfuil forbairt mhór thapaidh ag tarlú. Glaoitear "teach tairne" ar na tithe sin a mhaireann - mar gheall ar agóidí a n-úinéirí - nuair a leagtar gach aon fhoirgneamh eile timpeall orthu. Tithe tairne toisc go ngobann siad amach ar nós tairní nach féidir a chur faoin gcasúr. Ar ndóigh, is bailte iad fós do na daoine crógacha/cantalacha a throideann in aghaidh na forbartha.


Radharc ón Tuaisceart

Chaith mé trí lá i dtuaisceart na Breataine Bige le déanaí, ar thuras álainn timpeall an cheantair a bhfuil an oiread sin cloiste agam faoi. Ar an mbealach ó thuaidh Dé hAoine thit an ceo go tiubh anuas orainn agus muid ag trasnú an M4 - an mótarbhealach a théann timpeall Caerdydd agus a chuireann teorann teoiriciúil ar an gcathair - agus ní rabhas in ann mórán den tírdhreach a fheiscint. Ach lé héirí gréine maidin Dé Sathairn nochtadh na sléibhte, portaigh agus lochanna dúinn, maisithe go geal i ndathanna an fhómhair.

Caisleán Chonwy agus príomhshráid an tseanbhaile
Is ceann scríbe den scoth é don té a bhfuil dúil acu sa stair, sa nádúr, sa dreapadóireacht, agus sa chultúr Ceilteach (cloistear an Bhreatnais i ngach áit idir óg is aosta). Tá caisleán ard bagrach i ngach baile - ní fhéadfá caisleán agus ballaí Chonwy a shárú mar shuíomh turasóireachta, cé go ndeireann mo chairde Breatnacha liom gur siombal de cheannsmacht Shasana é. Ar an ábhar sin, thugas cuairt ar an sráidbhaile beag Frongoch, a raibh dhá príosúin ann do chimí Éireannacha le linn Éirí Amach na Cásca. Níl mórán ann sa lá atá inniu ann - leagadh na sean-phríosúin - ach tá leacht cuimhneacháin le feiceáil ar thaobh an bhóthair ag déanamh tagairt dá scéal. Deirtear go raibh mo shin-seanathair i ngéibheann ansin, agus cheannaigh mé leabhar faoin áit sa siopa áitiúil chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh air.

Baile beag Beddgelert
Ní chloistear mórán faoin mBreatain Bheag mar cheann scríbe saoire - seachas, b'fhéidir, i gcomhair chluiche rugbaí - agus is mór an trua é. Má tá fonn oraibh dul ann, tá dhá nod agam daoibh maidir leis an mbia: caifé BaaMooOinc i mBeaumaris ar Ynys Mon/Anglesey agus Lyn's Café i mBeddgelert. Foirfe i ndiaidh lá fada spaisteoireachta!

Thuas ar thúr an chaisléain

Yr Wyddfa, nó Snowdon

Sléibhte scláta Snowdonia

Marwdy (marbh + tigh = marbhlann) an mhianaigh sclátaí