Ag baint sult as ór dearg Loch Garman na laethanta seo. Is as feirm áitiúil iad na fathaigh seo, a fhásann i dtolláin plaisteacha. Téann siad go hollmhargaidh ar fud na tíre, agus bíonn siad le fáil fós i mí Dheireadh Fómhair.
Ní mise amháin atá ag baint sásaimh as suaimhneas an tsamhraidh.
Bhfuil aithne agat ar an gcat?
ReplyDeleteTá. Cé go bhfuil sé ag breathnú go hamhrasach orm. Is le m'uncail é.
ReplyDeleteChuala sibh is dócha an ceann faoin gCarmanach a bhí i mbun an scrúdu teoirice tiomána nuair a d'iarradh air cad é an comhartha bóithre is iondúil a fheictear in Éirinn. "Strawberries here" ar sé.
ReplyDeleteÓ chuala :)
ReplyDeleteAn bhfuil sé ina Shamhradh libh ansin, a John? Chuaigh mé amach ag siúl ar maidin agus, ar m'fhilleadh abhaile dhom, bhí mé fliuch go craiceann i ndiaidh na fearthainne anseo!
ReplyDeleteFaroar, níl sé. Tá sé ag stealladh báistí ó ghlac mé an griangraf sin!
ReplyDelete