Cuireadh deireadh le corn ceo teach solais Rinn Dúbháin inniu, an 11/1/11. Le teacht GPS agus an nua-theicneolaíocht bád sa lá atá inniu ann, níl aon ghá don chóras rabhaidh sean-fhaiseanta sin anois. Cé go mbíonn an solas le feiceáil ó mo bhaile ar íor na spéire i rith na hoíche, ní raibh an corn le cloisteáil ann. Ach tá sé léite agam ar leathanach Facebook Hook Head go n-aireoidh muintir na leithinise fuaim an choirn uathu. Deirtear gur chabhraigh sé leo dul a chodladh san oíche!
Is é teach solais Rinn Dúbháin ceann de na tithe solais is sine san Eoraip atá fós ag obair. Tosnaíodh solas - tine ar dtús - ar an suíomh thart fá 800 bliain ó shin. Dála an scéil, ní corn a bhí ann i gcónaí i gcomhair an cheo. Athraíodh ó chloig sa 19ú haois go gunna mór sa 20ú haois. Cuireadh tús leis an gcorn ceo i 1972, agus tá sé ag tútáil ann ó shin.
Beidh an corn ina thost as seo amach. Cé go mbíonn an saol ró-ghnóthach-ghlórmhar go minic, aireoidh mé an fhuaim uaim, fuaim atá fite fuaite le mo cheantar le beagnach 40 bliain anuas.
Slán leis an mbonnán ceo.
ReplyDeleteNí bheidh gá leis arís go deo.
Nó an mbeidh, am éigin sa todhchaí?
Is cuimhin liom na bonnáin cheo i San Francisco Bay, nuair a bhí cónaí orm sa cathair sin i bhfad ó shin. Ba bhreá liom a ndord.
Ní thuigim an cumha go léir i ndiaidh na mbonnán mallaithe.
ReplyDeleteMallacht go deo orthu, ag teacht idir mé agus coladh na hoíche, ní aireoidh bonnán na Rinne uaimse ar chor ar bith.
Sin ráite, mar a mhaígh seanmhairnéalach críonna ar NuachtTG4, is annamh go mbíonn GPS ag lucht na mbád bige!
Tá an saol ag seoladh chun cinn...
ReplyDeleteA Dhubhaltaigh, (admhaím nach bhfuil cónaí orm in aice le bonnán, ach...) nach bhfuil rud éigin rómánsúil ag baint leis? Cuireann sé i gcuimhne dúinn cé chomh cumhachtach is atá an nádúr. Ach fós féin, nuair a éiríonn an saol go dona, bíonn cabhair ann i gcónaí, fiú nuair nach féidir é a fheiscint. An bhfuilim ag dul thar fóir?!
ReplyDeletea John....go drogallach...tagaim leat faoi sin. Tá rud éigin rómánsúil ag baint leo.
ReplyDelete