Bhí Cuan Caerdydd geal gnóthach aréir agus iad i mbun comhairimh ar vótaí sa toghchán tionóil. Bhí atmaisféar aisteach ann mar gheall ar na soilsí láidre a bhí á úsáid ag an stiúideo sealadach BBC Cymru in aice leis an Senedd/Seanad. Seo daoibh roinnt pictiúirí ón gceantar.
An Senedd é féin, a bhí lán le DATs (Daoine Ana-Thábhachtacha) deireanach aréir.
"Bíodh solas ann!". Soilse stiúideo sealadach an Bhíb.
Breo aisteach timpeall an Millennium Centre.
Dála an scéal, is cosúil gur éirigh le Labour tromlach a fháil sa Tionól, agus ní bheidh orthu brath ar Plaid Cymru as seo amach.
Is cosúil freisin nár éirigh le gluaiseacht na Lib Dems chun AV (córas vóta eile) a thabhairt isteach sna toghcháin Westminster. Is trua é. Ach is léir nach raibh fonn ar mhuintir na Breataine fáil réidh leis an sean-chóras FPTP (céad duine abhaile!) cé go bhfuil AV agus PR (ionadaíocht chionmhar) in úsáid sna toghcháin réigiúnacha agus áitiúla cheana féin.
An cruthúchán de do chuid fhéin an téarma "DAT"?
ReplyDeleteToradh atá bunoscionn le SNP agus Labour i dtír eile thall!
ReplyDeleteIs liomsa an ceann sin, ormondo. Bhfuil acrainm ann cheana féin?
ReplyDeleteSNP abú, a Dennis. Tá polaitíocht na tíre seo mall leadránach. Ní athraíonn mórán agus, dar liom féin, níl mórán difríochta idir na páirtithe ar fad. Ach an mhalairt ar fad san Alban.