Cloiste ó thuairisceoir an BBC ag an nGairdín Cuimhneacháin inniu:
"There are three taoisigh in attendance, representing the great and the good of Ireland".
Dia ár sábháil. Má's iadsan 'the great and the good' táimid i dtrioblóid.
Ní chuireann teacht na banríona isteach ná amach orm. Ach cuireann Bertie Ahern i ról an staraithe ar nuacht BBC fonn múisce orm fós.
I gcomparáid leis na Taoisigh, bhíos fíor-bhródúil as ár nUachtaráin, Máire Nic Giolla Íosa agus Máire Mhic Róibín - a threoirigh an bhanríon timpeall Ollscoil na Trionóide inniu. Profaisiúnta, cairdiúil, maorga. Níos ríoga, an bheirt acu, ná rí nó banríon ar domhan.
Ceart go hiomlán agat.
ReplyDeleteIs taoisigh iad!
ReplyDeleteChual ar RnaG ar maidin gurbh amhlaidh go raibh Comhairle an Stáit i láthair, agus gurbh é sin an chúis go raibh an dís úd ann.
ReplyDelete"Comhairle an Stáit" le Bertie agus Brian. Ar chuala tú a leithéid de ocsamórón riamh?
ReplyDeleteBhuel, is comhalta gach iar thaoiseach agus iar uachtarán.
ReplyDelete@ Níos ríoga, an bheirt acu, ná rí nó banríon ar domhan.
ReplyDeleteAontaím céad faoin gcéad leat, ach go háirithe leis an ráiteas thuas. Mná iontacha iad!
Tuigim, a Aonghus. Is aisteach an focal 'comhairleoir' domsa, áfach. Tuigim an brí oifigiúil dó, ach ní ghlacfainn le comhairle nó treoir pearsanta uathu go deo :)
ReplyDeleteBhíos an-bhródúil as an Uachtarán agus as an Máire eile chomh maith. Beirt bhan atá iontu; an bhfuil teachtaireacht éigin i bhfolach sa ráiteas s'agam?
ReplyDeleteBeirt dlíodóir freisin! Agus Ollúna i gColáiste na Tríonóide.
ReplyDelete