24.9.13

IDM - Inniu D'fhoghlaim Mé

Daoibhse nach mbíonn ag breathnú ar reddit.com, úsáidtear an t-acrainm TIL ann go minic, rud a chiallaíonn 'Today I Learned'. Úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar fhíric fhánach a chuaigh i bhfeidhm ar an redditeoir sin.

Anois, tá a fhios agam gur le Dennis an t-ábhar seo, ach... léigh mé TIL inniu faoi mhanaigh Éireannacha agus a gcuid scríbhneoireachta agus cheapas gur chóir dom é a roinnt anseo, daoibhse nach bhfuil, ahem, chomh saineolaíoch ar na rudaí seo.

Dar leis an gclár raidió BBC seo (timpeall 5.30 nóim) ba iad manaigh Éireannacha  a chruthaigh an 'spás' a chuirtear idir focail sa scríbhneoireacht sa lá atá inniu ann. Scríobh siad sa Laidin, teanga nach raibh á labhairt sa tír toisc nár shroich Impireacht na Rómhannach an t-oileán. Chun cabhrú leo idirdhealú a dhéanamh idir na focail eachtranacha, chuir siad spás idir eatarthu. Ar ndóigh úsáidtear an spás seo go forleathan i dteangacha ar fud na cruinne anois.

Ní mise amháin a léigh an TIL seo, agus fágadh breis is 150 trácht air - a léiríonn cé chomh cumhachtach is atá redditor mar fhoinse eolais.

Ar ndóigh, ní foinsí eolais gach rud a scríobhtar ar reddit. Seo daoibh an racún beag atá le feiscint díreach faoin TIL sin.

23.9.13

Ag baint an fhéir

Ní hé lá na gaoithe, lá na scoilb.

Ach is é lá na gréine, lá bainte an fhéir.

Éad orm inniu ag breathnú amach ar an bhfear/bhféar seo inniu ó m'oifig fhuar dhorcha :(


5.9.13

Gaillimh Ghleoite

Chuaigh mé timpeall na cathrach inniu le mo cheamara ag glacadh grianghrafanna do phrospectus nua na hollscoile. Thaitin an dá cheann seo liom...

An Áirse Spáinneach Póirse Caoch ó Mhúsaem na Cathrach

Turasóirí ag baint sult as Sráid na Céibhe