8.12.11

Tá sé sa fuil agam

Agus mé ag deonú fola an tseachtain seo, thosaigh mé ag caint leis an mbanaltra agus muid ag fanacht ar an mála plaisteach a líonadh. Bhí suim aici i dteangacha, agus labhair muid faoin nGaeilge, faoina hathair a tháinig ó Sciobairín ó dhúchas, faoina máthair Ghearmáineach, an cúrsa Gearmáinise a d'fhreastal sí air i gContae na hIarmhí nuair a bhí sí ina déagóir, agus an Bhreatnais a labhraíonn sí féin lena teaghlach ina baile faoin tuath i bPowys.

"Is mise an t-aon duine le Breatnais sa bhfoireann", a mhínigh sí dom, "bím i gcónaí ag rá leo gur fiú dóibh í a fhoghlaim".

"Ar ndóigh, bíonn siadsan de shíor ag magadh fúm, nach Breatnach ceart mé ar chor ar bith, le hathair Éireannach agus máthair ón nGearmáin agam", a dúirt sí.

"Ach mothaím Breatnach im' fuil", arsa sí go bródúil, "agus sin é an rud is tábhachtaí".

Thaitin an phrása liom. Agus smaoinigh mé ar an bhfuil 'Éireannach' a bhí á roinnt agam agus mé i mo luí sa chlinic i gcathair Chaerdydd. Is dócha go mbeidh duine éigin le ruainín beag dom' dhúchas ina bhféitheanna acu faoi cheann seachtaine nó dhó.

4 comments:

  1. Is cosúil go bhfuil tú ar an bhfoireann a chreideann nach gá 'f' a shéimhiú níos mó:

    sa fuil
    im' fuil

    Is fíor go bhfuil sé níos éasca agus níos soiléire mar sin, agus is léir go bhfuil athrú ar siúl.

    Maidir leis an gceann a shéimhigh tú:

    cúrsa Gearmáinise a d'fhreastal sí air

    ”cúrsa ar fhreastail sí air“ a déarfainn.

    Sea, bíonn teangacha ag síor-athrú.

    ReplyDelete
  2. Hmmmm... ní fhéadfainn a rá go bhfuilim ar aon fhoireann amháin, a Dennis, ach ní dóigh liom go ndéarfainn 'fhuil' sa chaint, so mar sin d'fhág mé gan séimhiú é.

    DAS, rinne mé Googleáil beag air, agus is cosúil go bhfuil foireann mór ann a dhéarfadh 'sa bhfuil' chomh maith.

    Maidir le 'freastal', ní bheinn ag brath ar mo bhotúin gramadaí i gcóir athruithe na teanga a aithint ;) b'fhéidir athruithe ar chaigdeán an oideachais in Éirinn...!

    ReplyDelete
  3. sa bhfuil

    Sin agat na Connachtaigh ag caint, ar ndóigh.

    Bhí an ‘f’ míshocair riamh sa teanga. Ní “fuar” ná “fuáil” a bhí againn sa tSean-Ghaeilge ach “úar” agus “úaigél”. Agus inniu tá "fosgail" acu i nGaeilge na hAlban i leaba “oscail”. Tá a lán samplaí eile ann a bhfuil “inorganic f” iontu.

    ReplyDelete