D'fhoghlaim mé focal nua le déanaí... an focal
monapsonacht, nó 'monopsony' sa Bhéarla.
Bhí mé féin agus cara ag spaisteoireacht sa bhaile nuair a d'iarr mo dhuine orm, "Cad a dhéantar leis an eorna ar fad a fhásann sa cheantar?"
"Ar aghaidh go Guinness leis an gcuid is mó de", arsa mise, go heolach.
"Ó sea", arsa mo dhuine agus eisean i bhfad níos eolaí, "Chuala mé go raibh monapsonacht ag Guinness ar eorna na tíre seo".
Tuigimid go léir go mbíonn
monaplacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach soláthróir amháin le fáil, m.s. an mhonaplacht a bhí ag an ESB sular tháinig Airtricity agus na soláthróirí leictreachais eile ar an bhfód. Ach bíonn monapsonacht i bhfeidhm nuair nach mbíonn ach
custaiméir amháin ann. Mar sin, beagnach, le Guinness agus eorna na hÉireann.
DAS, bronnadh an muga
péatair seo ar mo shean-athair de bharr ardchaighdeán a eorna fadó fadó. Cuireadh an eorna sin ar aghaidh go... bhuel... Guinness, ar ndóigh ;)