Is léir go bhfuil fadhb mhór pholaitíochta sa Bheilg inniu. Roghnaíodh dhá pháirtí sa toghchán náisiúnta atá i gcoimhlint lena chéile: New Flemish Alliance sa tuaisceart, a éilíonn tuilleadh neamhspleáchais don lucht Pléimeannaise, agus na Socialistes sa deisceart, a ghealann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa cheantar Fraincíse. Ní raibh an scoilt idir an dá phobal chomh soiléir riamh.
Dá scoiltfí, céard a tharlódh don tír?
Seo daoibh roinnt léirsceál ón mblag iontach
Strange Maps a thugann freagraí don cheist...
a) Flanders neamhspleách agus an Bhruiséil leis, Wallonie neamhspleách.
b) Flanders neamhspleách, Wallonie neamhspleách, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách.
c) Flanders curtha leis an Ísiltír, Wallonie mar chuid den Fhrainc, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách agus príomhchathair na hEorpa, ar ndóigh.
B'fhéidir nach dtarlóidh a leithéid ar chor ar bith, ach taitníonn an saghas geo-buille-faoi-thuairim seo go mór liom.