24.9.13

IDM - Inniu D'fhoghlaim Mé

Daoibhse nach mbíonn ag breathnú ar reddit.com, úsáidtear an t-acrainm TIL ann go minic, rud a chiallaíonn 'Today I Learned'. Úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar fhíric fhánach a chuaigh i bhfeidhm ar an redditeoir sin.

Anois, tá a fhios agam gur le Dennis an t-ábhar seo, ach... léigh mé TIL inniu faoi mhanaigh Éireannacha agus a gcuid scríbhneoireachta agus cheapas gur chóir dom é a roinnt anseo, daoibhse nach bhfuil, ahem, chomh saineolaíoch ar na rudaí seo.

Dar leis an gclár raidió BBC seo (timpeall 5.30 nóim) ba iad manaigh Éireannacha  a chruthaigh an 'spás' a chuirtear idir focail sa scríbhneoireacht sa lá atá inniu ann. Scríobh siad sa Laidin, teanga nach raibh á labhairt sa tír toisc nár shroich Impireacht na Rómhannach an t-oileán. Chun cabhrú leo idirdhealú a dhéanamh idir na focail eachtranacha, chuir siad spás idir eatarthu. Ar ndóigh úsáidtear an spás seo go forleathan i dteangacha ar fud na cruinne anois.

Ní mise amháin a léigh an TIL seo, agus fágadh breis is 150 trácht air - a léiríonn cé chomh cumhachtach is atá redditor mar fhoinse eolais.

Ar ndóigh, ní foinsí eolais gach rud a scríobhtar ar reddit. Seo daoibh an racún beag atá le feiscint díreach faoin TIL sin.

5 comments:

  1. Seo blagmhír a scríobh mé ar spásanna idir na focail tamall ó shin:
    http://nimill.blogspot.com/2012/03/spasanna-idir-focail.html
    ;-)

    ReplyDelete
  2. DAS, tá teangacha ann fós nach fhágann spásanna idir na focail: Téalainnis a scríobhtar le litreacha, agus Sínis a scríobhtar le carachtair, cé gur minic a bhíonn níos mó ná carachtar amháin i bhfocal.

    ReplyDelete
  3. Ba chóir dom do bhlag a léamh níos minicí, a Dennis!

    ReplyDelete