Is léir go bhfuil fadhb mhór pholaitíochta sa Bheilg inniu. Roghnaíodh dhá pháirtí sa toghchán náisiúnta atá i gcoimhlint lena chéile: New Flemish Alliance sa tuaisceart, a éilíonn tuilleadh neamhspleáchais don lucht Pléimeannaise, agus na Socialistes sa deisceart, a ghealann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa cheantar Fraincíse. Ní raibh an scoilt idir an dá phobal chomh soiléir riamh.
Dá scoiltfí, céard a tharlódh don tír?
Seo daoibh roinnt léirsceál ón mblag iontach Strange Maps a thugann freagraí don cheist...
a) Flanders neamhspleách agus an Bhruiséil leis, Wallonie neamhspleách.
b) Flanders neamhspleách, Wallonie neamhspleách, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách.
c) Flanders curtha leis an Ísiltír, Wallonie mar chuid den Fhrainc, an Bhruiséil ina cathairstát-neamhspleách agus príomhchathair na hEorpa, ar ndóigh.
B'fhéidir nach dtarlóidh a leithéid ar chor ar bith, ach taitníonn an saghas geo-buille-faoi-thuairim seo go mór liom.
Orange Turd
3 weeks ago
Ní raibh fhios agam gur Béarla a labhair na Pléimeannaigh ;-)
ReplyDelete(Comhaontas Nua Pléimeannach a mholfainn ar N-VA)
Is neach measartha casta í an Eoraip sa cheantair sin, a raibh streachailt idir na mór cumhachtaí ann riamh. An difear idir na críocha a d'éalaigh ón Spáinn agus ón Fhrainc a d'fhág an léarscáil mar atá faoi láthair.
Buíochas le Dia, mar sin, gur chuireas an 'e' breise i Socialistes!
ReplyDeleteLéargas suimiúil, go deimhin...
ReplyDeleteIs mithid don dá phobal sin scarúint óna chéile, dar liom. Tír mhínádúrtha a bhí ann riamh, agus tá difear an-mhór idir an dá leath sin, sílim.
ReplyDelete