Táim sa mbaile faoi láthair, ag tabhairt aire dom' sheanmháthair agus mo thuismitheoirí ar saoire. Tá an t-ádh liom go bhfuil beirt sheanmháthair fós agam: mo "nanny" atá 91 agus mo "ghranny" atá 98 bliain d'aois. Sin 189 bliain eatarthu!
Ní bhíonn mórán ocrais ar mo nanny. Ní itheann sí ach cúpla béile beaga i rith an lae, agus fágann sí bia ar an bpláta go minic. Ach sin ráite, níor fhág sí ná níor dhiúltaigh sí trí rud riamh:
Putóg dhubh
Diúilicín
Braon tae
Is léir go bhfeabhsaíonn an blas le haois!
Orange Turd
3 weeks ago
Tré: “Trí bhia a bhfuil fad saoil iontu: putóg dhubh...”
ReplyDeleteIs maith liom é sin, a Dennis. Cé nach mbeadh na saineolaithe bia róshásta leis, is dócha.
ReplyDeleteSeo tré eile ón mbéaloideas (.i. ceann nár chum mé féin):
ReplyDeleteTrí shólás an tseanduine: tine, tae, agus tobac.
Maith sibh! Is maith liom na nithe seo a chloisteáil maidir le nósanna ár ndaoine saolta.
ReplyDeleteA John, máz rud go bhfuil taifeadán agat, b'fhiú duit seanchas a bhailiú ó Nanny agus Ghranny, ó tharla iad fós linn, nár laga a gCé iad!