Má tá fonn ort leabhar a dhó inniu - agus cén fáth nach mbeadh? - tá moladh nó dhó agam duit, ó Waterstones, Cardiff...
An bhfuil dúil agat san uafás rómánsúil? Elizabeth bhocht agus na diabhal zombaithe? (Cé a cheannaíonn an tseafóid seo?)
Nó b'fhéidir gurbh fhearr leat na leabhair is leadránaí a scríobhadh riamh faoi shean-bhusanna na cathrach.
So, fág do Chórán ar an tseilf, maith an fear/bhean, agus tosnóimid leis na fíor-droch-leabhair.
Orange Turd
3 weeks ago
Ní ceart leabhair ar bith a dhó.
ReplyDeleteAch pé scéal é, nuair a dóitear rud chun agóid a dhéanamh, níl aon mhaith rud a dhó na ngortóidh duine éigin. Bratach, Íomhá, Siombail, Leabhair - caithfidh luach a bheith aige don dream ar mian leat olc a chur orthu.
fág do Chórán ar an tseilf
ReplyDeleteAr an tseilf go deimhin, an áit is fearr dó. Is é an leabhar is leadránaí ar domhan. Bheifeá in ann leabhar an-chosúil leis a chur le chéile ach ramháille seanmóirí scitsifréineach -- na fir a chloistear i lár cathracha ar fud Mheiriceá -- a thaifeadadh agus a thras-scríobh.
Ní dhóimid iad sa leabharlann, ach caitheann siad uainn nuair atá siad sean, damáistithe, srl. Ní scairtimid an preas. (Dála an scéil, rinne tú dearmad air seo!)
ReplyDelete@ 'ramháille seanmóirí scitsifréineach'
ReplyDeleteGo leor acu scríofa acu cheana...;-)
Ar chlúdach do leabhair, a Sheáin: "Abraham Lincoln, Vampire-Hunter - from BEST-SELLING author of Pride and Prejudice and Zombies".
ReplyDelete@ Cé a cheannaíonn an tseafóid seo?
Go leor leor, is léir.
Chuala mé nach mbíonn na leabhair sin chomh greannmhar agus a cheapfá óna gclúdacha. Mór an trua. Smaoineamh cliste ab ea é, dar liom. Agus ní maraítear iad má dhóitear iad, dar ndóigh. Ní mór iad a scaoileadh sa cheann (na zombaithe).
ReplyDelete