7.11.10

An Ealaín


IS EALAÍN É...
muna bhfuil míniú air.
IS FAISEAN É...
muna iarrtar míniú air.
IS DEARADH É...
muna dteastaíonn míniú air.

An méad sin ó fhógra crochta in ionad Crefft yn y Bae, an t-ionad ceardaíochta is fearr a chonaic mé riamh. Cuireann caighdeán agus ealaíontacht na gceirdeanna iontas orm i gcónaí agus, mar is gá sa lá atá inniu ann, tá caifé álainn ann freisin leis an gcaifé is fearr atá le fáil i gCuan Caerdydd (agus, faraor, an foireann is drochbhéasaí :( atá le fáil ann freisin).

Gach uile cineál ceirde ann, eolas faoina ceardaí, taispeántais agus gearrchúrsaí le déanamh, agus na ceirdeanna beagnach ar fad ar díol ar phraghasanna éagsúla, leis an mbrábús ag dul i dtreo na gceardaithe.



Is breá liom an geata seo, déanta as iarann, ar phraghas £892. Oh, dá mbeinnse saibhir...

2 comments:

  1. £892

    Sladmhargadh... i gcomórtas le praghas an ghairdín le dul leis.
    ;-)

    Is breá liom an póstaer!

    ReplyDelete
  2. Taitníonn sé liomsa chomh maith. Léiríonn sé cineál tuiscint ar ábhar teibí.

    ReplyDelete