16.11.10

I ndáiríre dáiríre?

Tá Stephen Fry chun páirt a ghlacadh sa seó Ros na Rún ar TG4.

Bhí orm an féilire a sheiceáil ar maidin, ach ní Aibreán é.

Ag súil go MÓR leis an eagrán sin den sobaldráma. Is aoibhinn liom Fry agus a ghreann cliste.

Do bhí eagrán speisialta don sobaldráma Breatnach Pobol y Cwm lonnaithe i Ros na Rún i 2004, agus dúradh liom go raibh Ros na Rún in ainm 's a bheith ag taifeadadh ar seit Phobol y Cwm chomh maith, ach theip ar an bplean sin, faraor. Sin ráite, tá scríbhneoir Breatnach ag obair ar RnaR faoi láthair. So, ní bheadh a fhios agat...

5 comments:

  1. Iontach deas! Tá áthas orm go bhfuil spéis aige i nGaeilge. Anois má fhéadann sé an lámh a fháil in uachtar ar an bhlas Jeeves ...

    ReplyDelete
  2. Dáiríre píre! Bíonn an fear sin ar fud na háite, a ladar i ngach mias.

    ReplyDelete
  3. Agus beidh sé anseo, oileáinín s'againne...:-)

    Is maith liomsa a ghreann, freisin, a John.

    ReplyDelete
  4. Níor léigh mé ach leabhar amháin uaidh The Ode Less Travelled, cur síos ar stair agus mheadaracht na filíochta. Thaitin a stíl scríbhneoireachta go mór liom, intleachtach gan a bheith

    ReplyDelete
  5. gan a bheith róchasta.

    @ Áine: nach leis atá an t-ádh! Tá súil agam go mbeidh seans aige deoch a fháil sa cheantar i ndiaidh an ghailf.

    ReplyDelete