7.12.10

Muileann an tSneachta

Bhí orm filleadh ar an seanfhód inné, agus an áit fós clúdaithe le brat tiubh sneachta. Thosnaigh sé ag cur sneachta go trom arís ar maidin - deis deas agam dul ag siúl agus griangrafanna a ghlacadh don cheantar. Ar an mbád ar ais go Caerdydd anois. An mbeidh an sneachta fós ann nuair a thagaim ar ais i gceann coicíse? Ní dóigh liom é. Tháinig an bháisteach ar an mbealach go Ros Láir.

Muileann an tSáile tSneachta

Súil siar ar mo theachsa

Tigín mo mhamó

Guinness Extra Extra Cold lasmuigh den local











3 comments:

  1. Is fíor-mhaith liom an solas glas (an réimse líocha ar fad a chuimsíonn an focal Gaeilge) sna grianghrafanna seo!

    ReplyDelete
  2. GRMA, a Dennis. Cruthaíonn sé atmaisféar uaigneach, rúndiamhair, dorcha iontu, nach gcruthaíonn? Gur spiaire an griangrafadóir, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  3. Tá súil 'adsa do pheictiúr
    go hálainn ar fad

    ReplyDelete