10.12.10

Turas go Tintern x2

Thug mé cuairt ar mhainistir Tintern ar an Satharn agus mé sa Bhreatain Bheag, agus cuairt eile ar mhainistir Tintern ar an Máirt agus mé in Éirinn! An dá cheann acu suite cois aibhneacha in oirdheisceart a dtíortha. Cé go bhfuil siad ina bhfothraigh anois, faraor, do bhí nasc láidir idir mhanaigh an dá mhainistir tráth. I mo thuairim féin, tá foirgneamh níos fearr ag mainistir na Breataine Bige, ach suíomh níos deise ag mainistir na hÉireann. Ach b'fhéidir go bhfuil mé leataobhach ar son mainistir Loch Garman - rugadh agus tógadh mé in aice leis!

Mainistir Tintern (Abaty Tyndyrn), Cymru


Ar ndóigh tá cáil ar mhainistir na Breataine Bige mar gheall ar dhánta William Wordsworth. Tá an mhainistir suite i ngleann abhainn Wye díreach ar theorann Sasana. Tógadh é sa 12ú aois agus bhí sé faoi smacht na Cistéirseach ar feadh 400 bliain go dtí Díscaoileadh na Mainistreacha ag Henry VIII. Goideadh an luaidhe ón díon agus clocha ón bhfoirgneamh agus fágadh é ina bhfothrach ó shin. Níl ann anois ach ballaí briste, colúin agus corr-fhuinneog fholamh. Ach tá draíocht fós ag an mainistir ard ársa seo, tá éadroime le braith ina hailtireacht agus fuaimíocht den chéad scoth, cé go bhfuil an díon imithe le fada an lá.

Mainistir Tintern, Loch Garman


Tá scéal suimiúil ag baint le bunú na mainistreach seo sa 13ú aois. Do bhí tiarna Sasanach, darbh ainm William Marshall, ar bhád amach ó chósta Loch Garman oíche stoirmiúil. Gheall sé do Naomh Áine go dtógfadh sé mainistir ar a son dá dtabharfadh sí slán é ón stoirm. De réir an scéil, thuirling an bád faoi dheireadh isteach i gcuan Bhanú san áit ina bhfuil fothrach na mainistreach inniu. Nuair a bhí an foirgneamh tógtha ag Marshall thug sé cuireadh do mhanaigh Tintern na Breataine Bige mainistir a bhunú san áit. Sin an fáth go nglaoitear Tintern de Voto - Tintern na Móide - uirthi. (Glaoitear Tintern Major ar an gceann eile). Arís, tháinig deireadh le ré na manach le teacht an Díscaoilte, ach i gcás Tintern na hÉireann úsáideadh é mar theach cónaithe ag muintir Cholclough, tiarnaí talún Sasanacha ina dhiaidh. Bhí ball de mhuintir Cholclough fós ina cónaí ann sa 20ú aois sular tugadh ar ais don Stát é sna 60aidí. Tá an OPW á athchóiriú ina mainistir ó shin i leith.

6 comments:

  1. Gheall sé do Naomh Áine go dtógfadh sé mainistir ar a son dá dtabharfadh sí slán é ón stoirm.

    Thug fear eile geallúint mar seo na céadta blian níos deánaí.

    ReplyDelete
  2. Bhuel, más rud gur gheall sé do Naomh Áine é, céard eile a dhéanfadh sé ach mainistir nó dhó a thógáil dár leithéid!

    Scéal suimiúil, grianghraif tarraingteacha - go raibh maith agat, a John.

    ReplyDelete
  3. Gabh mo leithscéal, 'grianghraif tharraingteacha' - bíonn an 'h' sin ag sciorradh uaim go minic. Sílim go bhfuil an locht ar an sneachta...:-)

    ReplyDelete
  4. @coc - an-suimiúil GRMA. Is cosúil go raibh Naomh Áine gnóthach. De réir delraimh is éarlamh í ar mhná tí, sheanmháithreacha, mhná nach bhfuil pósta, mhná atá ag súil le páistí agus mhianadóirí. Bhí an t-ádh ar Marshall agus Luther go raibh am ar bith aici deighleáil leo!

    @Áine - Tá an-tóir ar Naomh Áine, cinnte. Ach an lastar tinte cnámh ina honóir ar a lá fhéile?!

    ReplyDelete
  5. Thugamar cuairt ar Thintern roinnt blianta ó shin agus muid ag taisteal tríd an mBreatain Bheag.

    Ach nuair a chonaic mé an t-ainm "Tintern Abbey" ar ar an gcomhartha bóthair ar dtús chuir sé mearbhall orm mar cheapas riamh go raibh Tintern Abbey in Éirinn!

    Tá an cheist réitithe agat dom anois, GRMA!

    ReplyDelete

  6. "Bhí mé i ngrá, meallta ar fhear a thug neamhaird orm ar feadh míonna. Elijah is ainm dom. Bainim úsáid as a bheith ag obair leis, agus nuair a aistríodh é go dtí an Eoraip bhí mé millte agus chuaigh mé ag cuardach cabhrach nuair a tháinig mé trasna an fear seo ar an suíomh Dr Obodo R-phost templeofanswer@hotmail.co.uk agus iarraim cabhair chun go mbeadh sé i gcuimhne agus tar éis 3 lá den obair a ghlaoigh sé orm agus dúirt sé liom go dtaitníonn sé liom.
    ... Go raibh maith agat an Dr Obodo Tá dúil mhór agam as do chuid oibre. "- Monique, SAM

    ReplyDelete