So, tá mo chéad chuireadh go Google+ faighte agam ó chara inniu... agus cinneadh le déanamh agam faoi. Is cuimhin liom an chéad uair a thuirling cuireadh go Facebook isteach im' inbhosca - chaitheas sa bhruscar é ar an bpointe. Ní bheadh dúil agam go deo sa chineál sin cumarsáide, bíodh a fhios agat. Anois, trí bliana, agus 180 'cara', níos déanaí is léir go raibh mé mícheart ;) Ach an bhfuilim réidh chun éalú i dtreo Google+? Hmmm, sin í an cheist?
Bebo bocht. B'shin é an gréasán soisialta is mó éilimh in Éirinn thart fá 5 bliana ó shin, ach anois ní chloistear focal faoi. An mbeidh Facebook mar an gcéanna i gceann bliana nó dhó?! Ní dóigh liom é. Ach, é sin ráite, ní minic a láinseáiltear giúirléid nó seirbhís ag Google nach mbíonn tóir mhór orthu.
Chun daoine a mhealladh chuig seirbhísí nua mar sin, braitheann na soláthróirí ar pharanóia na ndaoine... nach gcloisfidh siad scéal... go gcaillfidh siad ócáid áirithe a socraíodh ar-líne, nó níos measa fós... go mbeidh a n-ainmneacha tógtha sula gcláraíonn siad.
Quelle horreur! Chun an fhírinne a rá, ní rabhas riamh i mo nuálaí. Cuirim an milleán ar m'athair. Ní raibh guthán baile againn go dtí lár na nóchaidí. Tá mo chinneadh déanta agam. Fanfaidh mé, ar a laghad, ar an gcéad chuireadh eile ;)