28.7.11

Lánphairtiú na hEorpa

Ghlac mé an scagadh gabháil sciobadh scáileáin seo ó Newsnight an tseachtain seo caite, agus Christine Lagarde i mbun díospóireachta faoin ngéarchéim airgeadais.



Thugas faoi deara go raibh a bróiste réaltach díreach san áit cheart le bheith sa bhratach Eorpach taobh thiar di.

Sin mar a tharlaíonn nuair a chreideann tú go ró-dháiríre i lánphairtiú na hEorpa ;)

5 comments:

  1. Is maith liom an téarma sin. Ní raibh sé agam. Ach céard go díreach a chiallaíonn “scagadh scáileáin”. Dá mbeadh an téarma Béarla agam is dócha go n-aithneoinn é, ach is cosúil nach bhfuil.

    ReplyDelete
  2. An "gabháil scáileáin" atá i gceist, nó "seat den scáileán"??

    Dála an scéil, is doiligh liom a shamhlú go gcreideann andúileach cumhachta in aon rud eile seachas lánpháirtiú an ego sa potentia (agus, i ndeireadh an lae, sa pecunia).

    ReplyDelete
  3. Ó, 'screen grab' a bhí uaim, agus ní raibh téarma le fáil óna gnáth-fhoinsí. So, 'gabháil scáileáin' is dócha, faoi mar a deireann ormondo.

    ReplyDelete
  4. Nó “sciobadh scáileán”. m.sh. “Sciob sé leis é.”

    ReplyDelete
  5. Sciobadh scáileán. Is maith liom an 'sc-' dúbalta. Sin a bhí uaim leis an scagadh scáileán. Faraor, is léir nach raibh ciall leis!

    ReplyDelete