20.7.11

Google+ nó -?

So, tá mo chéad chuireadh go Google+ faighte agam ó chara inniu... agus cinneadh le déanamh agam faoi. Is cuimhin liom an chéad uair a thuirling cuireadh go Facebook isteach im' inbhosca - chaitheas sa bhruscar é ar an bpointe. Ní bheadh dúil agam go deo sa chineál sin cumarsáide, bíodh a fhios agat. Anois, trí bliana, agus 180 'cara', níos déanaí is léir go raibh mé mícheart ;) Ach an bhfuilim réidh chun éalú i dtreo Google+? Hmmm, sin í an cheist?

Bebo bocht. B'shin é an gréasán soisialta is mó éilimh in Éirinn thart fá 5 bliana ó shin, ach anois ní chloistear focal faoi. An mbeidh Facebook mar an gcéanna i gceann bliana nó dhó?! Ní dóigh liom é. Ach, é sin ráite, ní minic a láinseáiltear giúirléid nó seirbhís ag Google nach mbíonn tóir mhór orthu.

Chun daoine a mhealladh chuig seirbhísí nua mar sin, braitheann na soláthróirí ar pharanóia na ndaoine... nach gcloisfidh siad scéal... go gcaillfidh siad ócáid áirithe a socraíodh ar-líne, nó níos measa fós... go mbeidh a n-ainmneacha tógtha sula gcláraíonn siad. Quelle horreur! Chun an fhírinne a rá, ní rabhas riamh i mo nuálaí. Cuirim an milleán ar m'athair. Ní raibh guthán baile againn go dtí lár na nóchaidí. Tá mo chinneadh déanta agam. Fanfaidh mé, ar a laghad, ar an gcéad chuireadh eile ;)

5 comments:

  1. Fuaireas mo chéad chuireadh inné.. Nílim cinnte faoi!

    ReplyDelete
  2. Ceist agam oraibh beirt, nó dhá cheist:

    1) An ó Éireannach eile a fuair sibh an cuireadh, agus
    2) an mbaineann an duine seo úsáid as an nGaeilge ar chor ar bith?

    ReplyDelete
  3. @Néidí... abair liom é má ghlacann tú leis an gcuireadh. Níor mhaith liom a bheith fágtha im' aonar in áit na leathphingine ;)

    @Dennis... is Éireannach é, ach níl Gaeilge aige, faraor. Ná níl a fhios agam fiú an bhfuil leagan Gaeilge do Google+ le fáil. Caithim a adhmháil go bhfuil córas aistriúcháin an-mhaith ag Facebook teidil agus teachtaireachtaí an tsuímh a aistriú.

    ReplyDelete
  4. Léigh mé faoi Google+, i nGaelscéal (8 Iúil), agus tá nithe ann atá níos fearr, b'fhéidir, ná mar atá ar Facebook. An méid sin ráite, an mbacfainn leis? Ceist mhaith...:-)

    ReplyDelete
  5. Éireannach a bhí ann freisin ach ní dóigh liom go bhfuil Gaeilge aige. Ghlac mé leis an gcuireadh ach fós ní féidir liom adhmad a bhaint de.

    ReplyDelete