8.8.11

An Samhradh Thiar


Roinnt radharcanna ón tseachtain a chaith mé le cairde - Ultach agus Gearmánach - ag rothaíocht in iarthar na hÉireann.

Beithígh ar bhóithre Chonamara
Ealaí i lár na Gaillimhe
Droichead Rois, Co an Chláir
Sráideanna ildaite ilairde Chill Rois
Agus buaicphointí na seachtaine de réir an Ghearmánaigh? Ceol na Gaillimhe, clocha na Boirne, tábhairní Dúlainn, agus arán donn, bhuel, ehm, i gcoitinne :)

4 comments:

  1. Arán sóid? Cuireann sin ionadh orm!

    ReplyDelete
  2. Sea, arán sóid donn. An gcuireann? Bhí sé go hiomlán gafa leis! Arán donn agus im fuar crua. Is iontach an breosla é don rothaí.

    ReplyDelete
  3. Cuireann mar ní iondúil meas ag Gearmánaigh ar arán abhus, fiú arán sóid! Is maith liom féin é chomh fada agus a bhíonn sé úr, glacaim leis go raibh sé á fhail úr te bruite agaibh?

    ReplyDelete
  4. Ní raibh! Gnáth-arán sóid i gcaiféanna agus bialanna an Chláir. Tá sé ina chónaí i Londain le 3 bliain anuas, so seans go bhfuil a chaighdeáin níos ísle ;)

    ReplyDelete