Roimhe |
Ina dhiaidh |
Do tháinig CÚIGEAR comhairleoirí le JCB chomh fada linn i gcomhair an chuaille nua a chur suas, agus le linn don CHÚIGEAR sin ag dul i mbun oibre leagadh piara de chuid an tsean-droichid trasna an bhóthair leis an JCB. Agus fágadh briste é, le clocha móra caite uaidh ar an dtalamh. Tá an damáiste níos measa inniu agus leath don phiara, atá ina sheasamh ansin le beagnach 200 bliain anuas, tite sa bhfarraige.
Th'éis cuairt na gcomhairleoirí... |
...agus inniu |
DAS, chuirfinn glaoch ar an gcomhairle chun an piara nua a dheisiú, ach táim buartha go dtiocfadh leath an chontae inár dtreo an uair seo, le dosaen JCBanna, agus go leagfaí an droichead ina iomlán. ;)
Dream éifeachtach iad ceart go leor. Tusa a chuir an péin t ar an chuaille nua, an ea? Bullaí fir, cuma i bhfad níos deise air.
ReplyDeleteIs maith liom na stocaí bána!!
ReplyDeleteAch tá sé scannalach faoin ndroichead - ach inchreidte! Irish gan a bheith Gaelach!
Sásta go dtaitníonn sé libh!
ReplyDeleteIs teorann idir dhá pharóiste é an droichead, so coinnímid snas ar an taobh inár mbaile fearainn féin. Tá an t-ádh orainn mar sin nach dteastaíonn uaidh ach an féar a bhaint uair sa choicís agus an comhartha bóthair a phéinteáil gach deich mbliana ;)
@ ach táim buartha go dtiocfadh leath an chontae inár dtreo an uair seo, le dosaen JCBanna, agus go leagfaí an droichead ina iomlán. ;)
ReplyDeleteASG!