5.9.11

Ciúin le coicís

Bhí mé as láthair anseo le coicís anuas agus mé ar saoire sa bhFrainc ar feadh seachtaine agus ar mhórchuaird na hÉireann ar feadh seachtaine eile. Agus th'éis an dá turas ar fad, caithim a rá go bhfuil saoire eile de dhíth orm.

Chonaic mé go leor, agus d'fhoghlaim mé go leor eile. Mar shampla, ní raibh a fhios agam coicís ó shin...

...gur féidir le gráinneoga snámh...
...go bhfuil an fál bosca is airde ar domhan ag fás in Éirinn...
...agus go bhfuil Crystal Swing iontach beo!

Tuilleadh le teacht... ;)

3 comments:

  1. 'Box hedge', a Néidí, scríobhfaidh mé mír (ghairid) faoi go luath.

    ReplyDelete
  2. An féidir liom a bheith dána? Ar mhíste leat plug beag a thabhairt go blag s'agamsa le do thoil? Níl mé ró-mhaith ag an tagging nó an poiblíocht! Go raibh maith agat!

    http://tiomanai.wordpress.com

    ReplyDelete