Sea, inniu é Lá Eorpach na dTeangacha - ní Lá na dTeangacha Eorpacha, bíodh fhios agat - agus cuireadh ócáid spéisiúil, spreagúil agus fíor-speisialta ar siúl i Rannóg an Léinn Eorpaigh anocht in Ollscoil Chaerdydd.
Tugadh cuireadh do phobal na hollscoile - idir léachtóirí, fhoireann agus mhic léinn - dánta a léamh ina dteangacha féin os comhair a chéile. Taispeánadh dhá leagan do gach dán thuas ar scáileán taobh thiar den léitheoir - sa teanga ina scríobhadh an dán, agus aistriúchán Béarla dó. Mar sin, bhíomar in ann éisteacht le rím agus rithim na filíochta, chomh maith leis an míniú a leanúint ón aistriúchán. Chuir gach ceann acu go mór i bhfeidhm orm, ach caithim a admháil gur thaitin fuaim agus foghraíochta na Gearmáinise, na hAfracáinise agus na hAraibise liom go háraithe. Ní mise a léigh dán Gaeilge, ach fear eile san ollscoil. Roghnaigh sé Adhlacadh mo Mháthar le Seán Ó Riordáin - rogha láidir - agus bhí sé gach pioc chomh fileata leis na dánta eile. Gan amhras, ba é an chéad deis riamh ag formhór an lucht éisteachta an Ghaeilge a chloisteáil.
Seo é ord na ndánta go léir:
Teanga, Dán, File
Béarla (Shakespeare), dhá shoinéad, Shakespeare
Afracáinis, Die kind wat dood geskiet is deur soldate by Nyanga, Ingrid Jonker
Araibis, The Animal, Ahmed Shawqi
Bulgáiris, The Enticement of Meaning, Maria Doneva
Ollainis, September in Zeeland, A. Marja
Fraincis, Prière pour aller au paradis avec les ânes, Francis Jammes
Gearmáinis, Der römische Brunnen, Conrad Ferdinan Meyer
Gaeilge, Adhlacadh mo Mháthar, Seán Ó Riordáin
Iodáilis, A te, Giovanni Testori
Peirsis, That Holy Night, Hafiz
Polainnis, Jeszcze, Jan Twardowski
Seirba-Chróitis, Vrati me moje krpice, Vasko Popa
Sualainnis, Samlen Icke Guld Och Ädeistenar, Edith Södergran
Breatnais, Gofyn march gan Abad Aberconwy dros Lewis ap Madog, Tudur Aled
Ba mhaith liom iarracht a dhéanamh amach anseo an dán Sualainnise a aistriú daoibh agus a fhoilsiú anseo - cé nach aistritheoir mé ar chor ar bith. Bhí meafair agus meon an-láidir ann, dar liom féin, agus an-oiriúnach don lá atá inniu ann
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Cluiche is ea é, dán a aistriú ó theanga go teanga. Bain sult as an dúshlán!
ReplyDeleteTá sé iontach deacair giota a thiontú, ní bheinn in ann dán in aon chor, go éirí leat!
ReplyDeleteIs é mo bharúil go mbeadh sé ní ba fhearr dhá aistriúchán a chur ar fáil nuair a aistrítear dán ó theanga amháin go teanga eile: aistriúchán focal ar fhocal (nach féidir é a bheith ina dhán de ghnáth) agus, lena chois sin, dán nó iarracht ar dhán sa sprioctheanga.
ReplyDeleteGo n-éirí leat leis an ór agus na seoda.
Iontach. So, caithfidh mé dhá cheann a scríobh mar sin. GRMA a ormondo ;)
ReplyDeleteIs aoibhinn liom an dán sin le Seán Ó Riordáin...
ReplyDelete