Agus mé ag dul tríd an mbailiúchán Ghaeilge do leabharlann na hollscoile inné, d'aimsigh mé an seod litríochta seo thíos.
Rith cúpla ceist liom. Cén fáth sa diabhal go bhfuil leabhar chomh sean-aimseartha sin le fáil i gCaerdydd? Agus, nach bhféadfaí roghnú níos fearr a dhéanamh chun staid leabhair na bpáistí a léiriú?!
Is léir go bhfuil an cineál seo leabhair as faisean anois. Mar shampla, ní fheicfí íomhánna chomh traidisiúnta sin - cailíní i sciortaí, mamaí sa chistin - sa lá atá inniu ann. Glacaim leis go bhfuil madra agus cait ann, ach faoi mar a chuirtear sna leabhair a bhíonns á léamh ag paistí an lae inniu, ba chóir go mbeadh ainmhithe níos neamhghnáiche le feiceáil, agus le cloisteáil ag caint. Moncaithe, spúinsí mara, nó dineasáir, fiú. Ba chóir go mbeadh na scéalta suite faoin aigéan, nó sa dufair, nó i spás... agus ní i scoileanna, siopaí agus tithí an ghnáthshaoil.
Ach ag athfhéachaint ar dhearadh an leabhair, caithim a admháil go dtaitníonn a sheanaimsearthacht liom. Is maith liom an scríbhneoireacht mór, agus an bealach ina líonann sé an leathanach beagnach go hiomlán. Taitníonn an cló serif liom. Agus féach ar na ceannteidil, scríofa gan ceannlitreacha móra. A leithéid de nua-aimsearthacht! Níl an scéal róshuimiúil, ach tá rud éigin compordach agus aitheanta ag baint leis. B'fhéidir go bhfuilim buailte leis an nostalgia, agus muid ag druidim i dtreo na Nollag.
Orange Turd
4 days ago