3.11.11

Manaí ón Maratón


Rith mé mo chéad mharatón Dé Luain i mBaile Átha Cliath. D'éirigh liom mo dhá sprioc phearsanta a bhaint amach - é a chríochnú roimh 4 uair (3.55 le bheith cruinn) agus gan stopadh. Tá na cosa fós beagainín pianmhar, ach is cuma liom sa tsioc, mar tá bonn breá cré-umha agam le pictiúr do dhroichead Calatrava - an ceann bán sin i gcruth an chláirsigh - air. Ar ais i gCaerdydd anois, agus fós lán-sásta liom féin :)

Caithfidh mé cúpla mana ón rás a roinnt libh. Chonaic mé iad agus mé ag rith thart, agus d'ardaigh mo spiorad, agus mo chosa, ina ndiaidh.

Ar dtús bhí bean i nDolphin's Barn le meirge leis an mana: You're all Kenyans to Me.
(Tháinig SEISEAR ón tír sin sa chéad sé áit ar an lá).

Agus bean eile níos faide ar aghaidh le meirge ag rá: At least you're running better than Dana.
(Ní bhfuair Dana bhocht ach 2.5% don vóta sa toghchán ceithre lá roimhe).

Scéal eile agam ón lá... bhí uimhir 5968 ag mo chara Tony sa rás, é scríofa ar a t-léine, mar gurb é an 5968ú duine le clárú don mharatón i mbliana. Agus chríochnaigh sé, creid é nó ná creid, sa 5968ú háit sa rás ar an lá. Nach comhtharlú dochreidte é sin? Bhuel, Lá Samhna a bhí ann, is dócha!

4 comments:

  1. GRMA, a Néidí. Ba bhealach an-deas é camchuairt a dhéanamh timpeall na cathrach agus ceantracha nua a fheiscint. Níl mórán aithne agam ar an taobh ó dheas, agus thaitin Séipéal Iosóid go mór liom. Tá cruth an tsráidbhaile fós le haithint ann.

    ReplyDelete
  2. Is fearr rith maith ná ... mmm ... ná titim i bhfeoil! Maith thú!

    ReplyDelete