8.11.11

Túít túít

Féach ar seo...


Is léarscáil túíteanna na hEorpa é, ag taispeáint - le dathanna éagsúla - na teangacha is coitianta a bhaineann le túíteanna trasna na mór-roinne. Foilsithe ar Strange Maps. Tá léarscáil don domhain mór le feiscint anseo ar shuíomh Eric Fischer a chruthaigh é.

Úsáideadh an brathadóir teanga, a cruthaíodh ag Google i gcóir suíomhanna idirlín a aistriú, chun bunteangacha na dtúíteanna a aithint, agus ansin scríobhadh cód ríomhaire (ba bhreá liom bheith i mo ghíc) chun na teangacha sin a thaispeáint - go hildaite, agus go healaíonta - ar chúlra dubh.

Is breá liom é. Tá an nasc beo idir an tíreolaíocht agus an tsocheolaíocht le n-aithint ann go soiléir, agus torthaí suimiúla le feiscint ann chomh maith, torthaí a bhaineann le stair, polaitíocht, teicneolaíocht agus go leor eile, ar ndóigh. Is féidir líne a tharraingt ar mhapa, ach ní féidir teorann a chur ar bhéal duine, nó b'fhéidir méaracha duine sa chás seo! Nó an féidir?

Féach chomh cruinn is a leanann dathanna na Portaingéilise agus na Danmhairgise, abair, le cruthanna na dtíortha sin, i gcomparáid leis an Fhrainc, an Ghearmáin agus na tíortha eatarthu atá, abair, níos solúbtha ó thaobh teorannacha is teangacha de. Tá imeall oráiste na Gréigise le feiscint ar na hoileáin sin a chlaíonn le cósta na Tuirce. Deighilt datha atá níos soiléire fós ar oileán na Cipire. Ní féidir láidreacht na Catalóinise a dhiúltú sa léarscáil seo (an bhféadfá teorann réigiúnach a tharraingt ón eolas seo?). Agus céard faoin oiread Iodáilise atá i ndeisceart na Fraince? Nó an bhfuil tionchar na hOcsatánaise ag cur isteach ar na torthaí ansin, meas sibh?

DAS, de réir mar a thuigim ó eochar na léarscáile agus ó thráchtanna ar Strange Maps, níl mionteangacha, an Ghaeilge ina measc, curtha san áireamh. Nach trua é sin? Ní thuigim cén fáth. Is féidir le Google Translate an Ghaeilge a aithint. Meas sibh cé chomh láidir is a bheadh dath na Gaeilge? Agus cén áit ina mbeadh a dath is gile?!

AGUISÍN...

De réir Eric é féin, tá an brathadóir in ainm is a bheith ábalta mionteangacha ar nós na Gaeilge, na Breatnaise agus na Bascaise a aithint, ach tá an líon daoine atá ag túíteáil sna teangacha sin chomh íseal sin nach féidir iad a fheiceáil ar an mapa. Tá siad curtha leis an léarscáil, cé nach bhfuil siad luaite san eochair - a thaispeánann dathanna na dteangacha sin a bhí ar a laghad 10,000 túíteanna scríofa iontu thar tréimhse 5 mhí i 2011. Caithim a admháil go gcuireann sé iontas orm nach bhfuil ar a laghad an Bhreatnais agus an Bhascais le n-aithint ann.

9 comments:

  1. Cuid den fhreagra le fáil anseo:
    http://indigenoustweets.com/ga/

    Liosta le háireamh na mionteangacha a scagann Kevin Scannell.

    http://indigenoustweets.com/

    ReplyDelete
  2. Tá an ceart agat. B'fhoinse iontach é suíomh Kevin i gcóir léarscáil túíteanna na mionteangacha a chruthú.

    ReplyDelete
  3. Aguisín curtha leis an mír agam a bhuachaillí.

    ReplyDelete
  4. De réir áireamh Kevin, tá níos mó na 10,000 ann i nGaeilge. An raibh tréimhse ama i gceist?

    ReplyDelete
  5. Nílim cinnte. Tá sé seo luaite ar shuíomh Eric: Data from the Twitter streaming API, May 14-October 20, 2011.

    An iad na túíteanna ar fad ón t-aon lá sin amháin atá i gceist aige, b'fhéidir? Níl a fhios agam.

    DAS, de réir tráchtanna ar Strange Maps, TÁ an Bhascais le feiscint ar an mapa ach roghnaíodh dath dóibh atá an-ghar do dhearg na Spáinnise. An fhadhb céanna leis an Liotuáinis agus an Rúisis.

    ReplyDelete
  6. Féach ar sin arís - tréimhse ama atá i gceist! Ach seans nár sháraigh an Ghaeilge an tairseach san tréimhse sin. Tréimhse níos faide i gceist le cnuasach Kevin.

    ReplyDelete
  7. Ar léirscáil na tuíteála tá Éire aontaithe.
    Ba chóir "Ireland's Tweet" seachas "Ireland's Song" a bheith againn mar "team song".

    ReplyDelete
  8. @ aonghus - Ó sea!! Feicim anois gur bhailigh sé na túíteanna thar tréimhse 5 mhí nó mar sin.

    @ ormondo - ná habair, nó tosnóidh Paisley agus a chairde ag túíteáil as Ultais!

    ReplyDelete