Ag caint faoin 'mbród', táim thar a bheith mórtasach as na mic léinn seo - mo chéad rang Gaeilge riamh. Thosaigh siad ag staidéar Gaeilge bliain go leith ó shin agus nuair a chríochnaigh siad an siollabas a bhí leagtha amach san ollscoil, d'iarr siad orm rang oíche a chur ar fáil dóibh. Tá ag éirí leo leis an gcúrsa TEG, agus tá súil agam go mbeidh siad in ann an scrúdú A2 den chúrsa sin a dhéanamh amach anseo. Is cainteoirí Breatnaise iad agus, ar ndóigh, cuidíonn sé sin go mór leo an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus níl siad cuthaileach ar chor ar bith, faoi mar a fheicfidh sibh thíos.
Orange Turd
3 weeks ago
Maith sibh uilig!
ReplyDeleteCéard atá á rá ag Neil (litriú?) ? “Is aoibhinn liom ___ na Gaeilge.”
ReplyDelete'a bheith' is dócha.
ReplyDeleteCaithfidh mé an focal sin a athdhéanamh sa chéad rang eile ;)