Ghlac mé páirt Dé Domhnaigh i maratón Pháras in éineacht le 40,000 eile, agus seo thuas an fhianaise. Bhíos beagáinín níos moille ná mar a bhí mé i mBÁC - bhí gaoth láidir ag séideadh thíos boulevardes leathana na príomhcathrach agus sílim gur chuir sé sin isteach orm - ach táim an-sásta liom féin agus m'am: 4 uaire (beagnach).
A leithéid de chúrsa - ní hamháin go raibh cuid mhaith de mhór-shuíomhanna na cathrach le feiceáil againn agus muid ag rith thart ach bhí an pribhléid againn rith síos lár an Champs Elysées i dtreo an Louvre gan aon trácht ag cur isteach orainn. Suíomh aisteach neamhchlúiteach nach mbíonn le feiscint ag an ngnáth-thurasóir ná an tollán cois Seine ina bhfuair an bhanphrionsa Diana bás a bhí cuid den chúrsa 26 míle. Mar a fheicfidh tú ón léarscáil thuas bhí dhá choill na cathrach - an Bois de Vincennes agus Bois de Boulogne - san áireamh, ach faraor ní rabhas in ann sult agus faoiseamh a fháil ón nádúr ann - bhíos breá sásta filleadh ar na sráideanna agus Avenue Foch a fheiscint, áit a raibh deireadh an rása, faoi dheireadh thiar thall.
Tháinig slua maith amach ar na sráideanna chun a gcuid tacaíochta a thabhairt dúinn. Caithim a rá go raibh na bannaí ceoil go hiontach ar fad, agus thug siad fuinneamh dom agus mé in ísle brí sa dara leath den chúrsa go háirithe. Thaitin na briseanna bía is dí liom chomh maith - bhí uisce agus torthaí úra le fáil ag gach 5 km (in áit na diabhal gels agus deochanna fuinnimh a fhaightear ag rásanna eile). Agus ar ndóigh bhaineas pléisiúir as gloine mór fíona ag a deireadh... rud a chuidigh go mór liom na pianta im' chosa a chur uaim.
Sin mo mharatón deireanach anois le tamaillín eile. Beidh mé tríocha bliain d'aois amárach, so caithfidh mé aire a thabhairt do mo shean-ghéaga!