18.4.12

Camchuairt coise i gCathair an Ghrá


Ghlac mé páirt Dé Domhnaigh i maratón Pháras in éineacht le 40,000 eile, agus seo thuas an fhianaise. Bhíos beagáinín níos moille ná mar a bhí mé i mBÁC - bhí gaoth láidir ag séideadh thíos boulevardes leathana na príomhcathrach agus sílim gur chuir sé sin isteach orm - ach táim an-sásta liom féin agus m'am: 4 uaire (beagnach). 

A leithéid de chúrsa - ní hamháin go raibh cuid mhaith de mhór-shuíomhanna na cathrach le feiceáil againn agus muid ag rith thart ach bhí an pribhléid againn rith síos lár an Champs Elysées i dtreo an Louvre gan aon trácht ag cur isteach orainn. Suíomh aisteach neamhchlúiteach nach mbíonn le feiscint ag an ngnáth-thurasóir ná an tollán cois Seine ina bhfuair an bhanphrionsa Diana bás a bhí cuid den chúrsa 26 míle. Mar a fheicfidh tú ón léarscáil thuas bhí dhá choill na cathrach - an Bois de Vincennes agus Bois de Boulogne - san áireamh, ach faraor ní rabhas in ann sult agus faoiseamh a fháil ón nádúr ann - bhíos breá sásta filleadh ar na sráideanna agus Avenue Foch a fheiscint, áit a raibh deireadh an rása, faoi dheireadh thiar thall. 

Tháinig slua maith amach ar na sráideanna chun a gcuid tacaíochta a thabhairt dúinn. Caithim a rá go raibh na bannaí ceoil go hiontach ar fad, agus thug siad fuinneamh dom agus mé in ísle brí sa dara leath den chúrsa go háirithe. Thaitin na briseanna bía is dí liom chomh maith - bhí uisce agus torthaí úra le fáil ag gach 5 km (in áit na diabhal gels agus deochanna fuinnimh a fhaightear ag rásanna eile). Agus ar ndóigh bhaineas pléisiúir as gloine mór fíona ag a deireadh... rud a chuidigh go mór liom na pianta im' chosa a chur uaim.

Sin mo mharatón deireanach anois le tamaillín eile. Beidh mé tríocha bliain d'aois amárach, so caithfidh mé aire a thabhairt do mo shean-ghéaga!

6 comments:

  1. Comhghairdeachas as an maratón agus as an 30 bliain a chur díot. Seo dhuit mo bheannacht ar do lá breithe, John.

    "Sláinte chugat 's cabhair
    Is dealbh go deo ná rabhair
    'S go bhfása an clúmh ar do ghabhal
    Chomh fada le meigeall an ghabhair"

    Ag dul le fada a bheidh tú as seo amach faraoir.

    ReplyDelete
  2. Cathair an Ghrá, an ea? Cathair an tSolais a chuala mé riamh, ach más féidir grá a fháil inti, tant mieux!

    uisce agus torthaí úra

    Cathair an Bhia freisin, ar ndóigh.
    :-)

    Maidir leis an méid a dúirt Míshásta, ná héist leis. Tá tú faoi bhláth ag tríocha bliain, agus beidh fós go ceann i bhfad. Go maire tú an lá!

    ReplyDelete
  3. GRMA, a chairde.

    @ Míshásta: bhain tú gáire as an sean-leaid bocht seo!

    @ Dennis: ní fhéadfá ach titim i ngrá leis an áit a Dennis. Sin ráite, 'Cathair an Chrá' a bhí ann timpeall 35km nuair a bhuail mé an 'balla'!

    ReplyDelete
  4. @ ach táim an-sásta liom féin agus m'am

    Maith thú!

    @ Beidh mé tríocha bliain d'aois amárach

    Aiféala orm go bhfuilim mall leis seo, a John, ach tá barróg ollmhór faoi iamh duit leis an trácht seo, agus beidh pionta agam duit agus leat, an chéad uair eile a chasfar sinn ar a chéile. Comhghairdeas, a chara!

    ReplyDelete