10.10.12

Machynlleth II

Cuireadh agallamh orm ar an gclár Blas ar BBC Raidíó Uladh anocht maidir le cúis thubaisteach April Jones, toisc, is dócha, go rabhadar ag iarraidh léargas a fháil ón mBreatain Bheag. Ní mór léargas ar leith atá agamsa maidir leis an gcás, cé go bhfuil mé ag leanúint an scéal go géar ó chuaigh an cailín cúig bliana ar iarraidh ag tús na seachtaine seo chaite. Má tá suim agaibh ann seo daoibh an clár... is mise an chéad chainteoir. Ní minic a bhím ag caint go poiblí as Gaeilge mar seo agus tá súil agam nach bhfuil an iomarca botún déanta agam.

DAS, cúisíodh Mark Bridger inniu i gcúirt i gCaernarfon do chorp an chailín bhoicht a chur i bhfolach. Tá sé cúisithe cheana féin maidir lena dúnmharú agus le bheith ag iarraidh an córas dlí a chur as riocht. Is léir ón méid a dúirt na póilíní inniu go bhfuil finnéithe acu, cé nach bhfuil an corp aimsithe acu go fóill. Coinneofar Bridger i bpriosún i Manchain go dtí go dtosnóidh an triail i gceart sa bhliain úr. Idir an dá linn mairfidh an cuardach, atá dírithe ar an abhainn Dyfi sa cheantar, amach anseo.

3 comments:

  1. Scéal tragóideach, a John, agus an t-am seo an-chrua ar mhuintir na háite sin, gan trácht ar thuismitheoirí bochta April.

    Rinne tú jab maith den agallamh, a chara. Níl sé éasca labhairt ar an raidió, go háirithe gan taithí ag duine ar a leithéid, ach tá sé míle uair níos measa nuair a bhíonn scéal chomh tragóideach seo faoi chaibidil.

    ReplyDelete
  2. An-jab ar fad, John. Maith thú! Agus is maith liom an blas atá ar do chuid Gaeilge, chomh maith le do ghuth.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agaibh as an léirmheas deas!

    Scéal tragóideach gan amhras, a Áine. Gan toradh ar an gcuardach go fóill.

    ReplyDelete