20.12.12

An Aimsir Fháistineach Fhoirfe Chéasta

Bhain an cartún seo gáire asam.


Ní dóigh liom go bhfuil a leithéid d'aimsir sa Ghaeilge. Níl sé luaite sa liosta aimsirí anseo ar aon chuma. Conas a déarfá abairt an tsicín sícigh? Is dócha go mbeadh ort athrú iomlán a dhéanamh ar chruth na habairte.

Ar an ábhar seo, is é mo dhea-rún don bhliain úr (an bhfuil sé róluath dóibh go fóillín?) ná an aimsir ghnáthchaite a fhoghlaim i gceart. Ní thagann sé chugam, agus is dócha go dtí seo bhíos róleisciúil gan an ghnáth-aimsir chaite a úsáid ina háit. Ach tar éis dom An Hobad a léamh i mbliana, atá lán di agus an t-údar ag cur síos ar eachtraí na bhfear beag, tuigim cé chomh coitianta is a d'fhéadfadh sé a bheith.

7 comments:

  1. N'fheadar.

    Ceist d'aos ghramadaí.

    ReplyDelete
  2. Tá an iomarca den aimsir sin in An Hobad, mar a dúirt mé cheana áit éigin. Ghoill sé orm.

    Maidir leis an sicín thuas, déarfainn “Ebenezer, cuirfidh do bheatha díomá ort” … cé gur féidir “Beidh tú tar éis díomá a fhulaingt i do bheatha” a rá freisin.

    ReplyDelete
  3. Déarfainn go n-oirfeadh an dara ceann don sicín ceart go leor. Níor léigh mé do léirmheas ar An Hobad. Ar scríobh tú mír ar do bhlag féin? Caithfidh mé cuardach a dhéanamh dó.

    ReplyDelete
  4. Ní cuimhin liom cén áit a ndúirt mé é sin. Mar chomment ar bhlag eile?

    ReplyDelete
  5. 'beidh tú tar éis a bheith míshásta' ? ní fheadar, is ait an rud é

    ReplyDelete
  6. Tá an ceart agat, ní mhothaím gur féidir "will have been" a rá sa Ghaeilge. Ní mheascaimid an chaite agus an fháistine mar sin, cuireann sé mearathal im' cheann :-)

    Déarfainn "Tiocfaidh an lá go mbeidh díomá led' shaol ort," abair bhreá dhébhríoch.

    ReplyDelete
  7. Dia duit, An bhfuil cúnamh airgeadais de dhíth ort? Is mise Susan Benson. Is iasachtóir mé agus comhairleoir airgeadais freisin.

    An bhfuil iasacht ghnó, iasacht phearsanta, iasacht mhorgáiste nó iasacht uait chun do thionscadal a chur i gcrích? más é do fhreagra, molfaidh mé duit teagmháil a dhéanamh le mo ghnólacht. Déanaimid gach cineál seirbhísí iasachta lena n-áirítear iasachtaí fadtéarmacha agus gearrthéarmacha. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, scríobh chugainn trí R-phost: (sunshinefinancialgroupinc@gmail.com) nó Teachtaireacht chugam go díreach ar WhatsApp trí: +447903159998 & faigh freagra ar an toirt.

    Is cuideachta seirbhíse airgeadais cuimsitheach muid agus táimid tiomanta cabhrú leat do mhianta go léir a chomhlíonadh. Speisialtóireacht againn i réitigh airgeadais struchtúrtha a sholáthar do dhaoine aonair agus do chuideachtaí ar an mbealach is éifeachtaí agus is gasta.

    Seo roinnt cúiseanna ar chóir duit teagmháil a dhéanamh linn le haghaidh iasachta;
    * Áisiúlacht - Is féidir leat Iarratas a dhéanamh ar iasacht ag am ar bith, áit ar bith.
    * Méid Solúbtha - Socraíonn tú an méid is mian leat a fháil ar iasacht.
    * Maoiniú Díreach Díreach - Faigh d’iasacht laistigh de 24 uair an chloig tar éis do cheadú.
    * Ráta úis solúbtha 3%.
    * Rátaí Faofa Ard
    * Aisíocaíocht Solúbtha - Faigheann Tú an Seans an Dáta Aisíocaíochta a roghnú, go seachtainiúil, go míosúil nó go bliantúil ar feadh tréimhse 1-30 bliana.
    * Feidhmchlár simplí ar líne.
    * Treoir agus saineolas pearsantaithe.
    * Gan aon mhuirir i bhfolach

    Ná caill an deis mar gheall ar easpa airgid. Déan teagmháil le mo chuideachta anois, is féidir linn cabhrú leat le hiasacht mar chuidíomar le go leor daoine agus eagraíochtaí a raibh deacrachtaí airgeadais acu ar fud an domhain

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoinár dtairiscint iasachta, seol d’iarratas ar iasacht chugainn trí:
    Ríomhphost: sunshinefinancialgroupinc@gmail.com
    WhatsApp: +447903159998

    Tá fáilte roimh Idirghabhálaithe / Sainchomhairleoirí / Bróicéirí a gcliaint a thabhairt leo agus tá siad cosanta 100%. Le muinín iomlán, oibreoimid le chéile chun leasa na bpáirtithe uile atá bainteach leis.

    ReplyDelete