5.12.12

Landáilte

So... bhí mé gnóthach le déanaí agus mé ag bogadh ar ais go hÉireann... ag pacáil, ag malartú airgid, ag athrú árachais... agus ar ndóigh ag fágáil slán le Caerdydd. Níor chríochnaigh mé mo PhD go fóill, mar sin beidh mé idir an dá thír amach anseo ar feadh tréimhse agus mé á chríochnú go páirt-aimseartha.

Cúis an bhogtha mhóir... tá post nua faighte agam in OÉ Gaillimh mar Oifigeach Cumarsáide Inmheánaí. Ag tosnú maidin amárach agus ag súil go mór leis an obair agus an dúshlán romham. Baineann go leor dualgas leis an bpost seo, soláthar cumarsáid dhátheangach san ollscoil san áireamh, agus beidh an méid a d'fhoghlaim mé in Ollscoil Chaerdydd an-úsáideach go deo agus mé ag cur le polasaithe cumarsáide na hollscoile.

Nílim cinnte go fóillín céard a dhéanfaidh mé leis an mblag seo... is léir nach féidir liom 'gael i gcuan Chaerdydd' a ghlaoch orm féin níos mó! B'fhéidir go bhfuil sé in am agam deireadh a chur leis an tréimhse blagála seo agus ré úrnua a thosnú ar bhlag eile. Idir an dá linn, beidh sé ciúin go leor anseo a chairde. Ach ná bígí buartha, beidh mé ag coinneáil súil ghéar ar bhur mblaganna féin amach anseo.

7 comments:

  1. Go maire tú an post nua! Dearna leat!! An mbeidh cuntas Twitter agat mar chuid den jab seo?

    ReplyDelete
  2. Facebook, duine ar bith?

    Go n-éirí go geal leat, John! (Agus má bhíonn deis agat, ná déan dearmad de An Gael...)

    ReplyDelete
  3. @Dennis GRMA a chara. Nílim cinnte faoi Twitter go fóillín. Beidh mé ag obair ar an gcumarsáid inmheánach - agus bíonn daoine eile ag teagmháil leis an domhan mór ar Twitter. Ach ba mhaith liom fáil isteach ar Twitter mé féin go pearsanta amach anseo. Beidh le feiceáil.

    @Séamas GRMA a chara. Tá an oiread sin rudaí le déanamh agam faoi láthair (idir an post nua agus an PhD a chríochnú) nach féidir liom fiú smaoineamh ar ábhar le scríobh! Ach déanfaidh mé iarracht alt éigin a sheoladh chugat san athbhliain. Ná lig dom dearmad a dhéanamh air!!

    ReplyDelete
  4. Tá go maith. Tá neart Gaeilge ar Twitter anois, agus is córas an-simplí é.

    ReplyDelete
  5. Go n-éirí go geal leat, a John, agus fáilte abhaile!

    Táim fein gnóthach na laethanta seo, ach sin mar a bhíonn an saol linn uilig ag an am seo den bhliain.

    Coinnigh leis an mblagáil, mholfainn féin, fiú más 'ó am go chéile' féin é - bheimis uaigneach i d'uireasa, a chara..:-)

    ReplyDelete
  6. go maire tú an jab nua. Dea-scéal. Ádh mór ort.

    ReplyDelete
  7. GRMA a Áine agus a Réaltáin. Tá campas álainn anseo i nGaillimh agus foireann álainn timpeall orm! Má tá sibh thíos i gcathair na dtreabh seol r-phost chugam agus tabharfaidh mé turas timpeall na hollscoile daoibh. Táim le fáil anois ar: john ponc caulfield ag nuigalway ponc ie.

    ReplyDelete