16.3.11

Níos gaire do Bherlin ná do Bhirmingham?

Agus faoiseamh gairid agam ón ól, idir deireadh seachtaine an rugbaí agus deireadh seachtaine Naomh Pádraig, shocraigh mé bhur n-aird a tharraingt ar sraith shuimiúil atá ag an Guardian faoi láthair faoin Eoraip Nua. Mar chuid den tsraith seo, tá treoir idirghníomhach acu ar staid na 27 tír san Aontas Eorpach.


Is aoibhinn liom an cineál seo eolais. Léiríonn sé go soiléir le huimhreacha agus graificí na difríochtaí agus éagsúlachtaí atá eadrainn. So, an bhfuil aon rud spéisiúil ann faoinár dtír féin? An bhfuilimid, mar a fhiafraíonn an teideal, níos gaire do Bherlin ná do Bhirmingham?

Bhuel, roghnaigh mé roinnt torthaí suimiúla ón treoir.

Gar do Bhirmingham:
An oiread mac léinn atá ag staidéar teanga eachtrannach ar mheánscoil. Ar ndóigh, tá náire orainn anseo. Táimid níos fearr ná an Bhreatain, ach i bhfad níos measa ná tíortha na mór-roinne, mar gheall ar chumhacht an Bhéarla gan amhras.

Gar do Bherlin:
An oiread measa atá againn ar Pharlaimint na hEorpa. Meas tú an laghdóidh an figiúr amach anseo?!

Gar do Pháras:
An ráta torthúlachta is airde san Eoraip. Chuirfeadh sé sin gliondar ar mo chroí mura mbeadh na mílte ag imeacht ar imirce.

Gar don Róimh:
An ráta colscartha is ísle (i bhfad ó Bhirmingham sa cheann seo). B'fhéidir gur tír Chaitliceach muid fós?!

Gar do Nicosia agus an Lucsamburg:
Fás ar dhaonra na tíre i 2060. De réir na bhfigiúirí beidh 50% níos mó duine sa tír. (Níl a fhios agam an bhfuil an ráta eisimirce is déanaí curtha san áireamh).

Gar do thíortha bheaga eile na hEorpa:
Ráta íseal dúnbhásaithe, buíochas le Dia.

Gar don bhun:
Úsáid an idirlín, blaganna agus gréasáin sóisialta. Chuir an t-eolas sin iontas orm, ach de réir na bhfigiúirí nílimid chomh gafa leis an t-idirlíon is atá Eorpaigh eile.

Gar don deireadh:
Na figiúirí eacnamaíochta ar fad. Ach tá sé sin ar eolas againn le tamaill fada.

Hmmmmm, ábhar machnaimh daoibh ansin. Nó, b'fhéidir nach bhfuil. Caith súil ar na figiúirí sibh féin anseo.

7 comments:

  1. An oiread mac léinn atá ag staidéar teanga eachtrannach ar mheánscoil. Ar ndóigh, tá náire orainn anseo. Táimid níos fearr ná an Bhreatain ...

    Ar nós an eurovision, is leor sin. ;-)

    ReplyDelete
  2. mac léinn atá ag staidéar teanga eachtrannach ar mheánscoil

    Ah sure, tá siad uilig ag foghlaim Béarla.

    ReplyDelete
  3. Gar do Nasville

    an tóir thar cuimse ar cheol cuntraí in Éirinn.

    Gar do Manchuin

    An slí ina mbáinítear na sráideanna nuair a bhíonn Man U ag imirt.

    ReplyDelete
  4. Ní thuigimse an tóir ar chlubanna sacair Shasana ach oiread, a Mhíshásta. Ó thaobh an ceol "cuntraí" de, breathnaigh ar aon eagrán de Ghlór Tíre - ní dóigh liom go nglacfadh muintir Nashville go bhfuilimid chomh gar sin dóibh :)

    ReplyDelete
  5. Níl ríomhphost teagmhála nó tweeter agat an bhfuil?

    ReplyDelete
  6. Ní túítim rómhinic. B'fhearr duit r-phost a sheoladh chugam ag jcwexford ag yahoo ponc ie.

    ReplyDelete