1.3.11

An Pinc Polaiteoir

Glaoitear "Hairy Mick" air, nó fiú "Pink Mickey", ach pé leasainm a chuirtear air, beidh orainn "TD" a chur ina dhiaidh as seo amach, agus é tofa mar bhall neamhspleách don 31ú Dáil.

Bhris Mick Wallace sean-dlíthe na polaitíochta ar fad agus é i mbun feachtais san oirdheisceart. Níor shocraigh sé cur isteach ar Dáilcheantar Loch Garman ach trí sheachtain roimh an toghchán, níor thug sé geallúint ar bith don toghlach, agus ní bhfuair sé culaith oibre nua, ná bearradh gruaige is léir, dá phostaer. Tá sé beagnach bancbhriste, báite i bhfiacha €40 milliúin óna chomhlacht togála, agus níl taithí ar bith aige ar an bpolaitíocht, cé go bhfuil tuairimí láidre aige, faoi mar a bhí crochta suas aige le linn Cogadh na hÍaráice agus Conradh Nice, ar mheirgí i 'gceathrú Iodálach' BÁC, ceann de na forbairtí is cailiúla a thóg sé sa tír.

Cuireadh feachtas spreagúil ar siúl ar a shon ar Facebook agus fuair sé moladh ó laoch mór sacair an chontae, Kevin Doyle. Bhunaigh Mick club sacair na Wexford Youths sa chontae, agus gan dabht bhí foireann láidir tacaíochta aige dá bharr. De réir a lucht canbhasála, thrasnaigh go leor daoine bóithre agus sráideanna an chontae chucu le bileoga Mick a fháil.

De réir Mick, tá ár gcóras polaitíochta lofa, agus cé go mbeadh sé níos fusa "to take the Mafia out of influence in southern Italy", beidh sé ag troid ar son córas nua a chur i bhfeidhm ionas nach dtarlóidh a leithéid de cronyism riamh arís. Agus, sa deireadh, is dócha, b'shin é an rud is mó a bhí ag teastáil ó thoghlach Loch Garman. Fuair sé an líon is mó vótaí sa Dáilcheantar - 13,000 - agus toghadh é sa chéad chomhaireamh.

Táim ag súil go mór lena ghuth neamhspleách a chloisteáil sa Dáil.

Agus gan dabht a stíl, ahem, neamhspleách a fheiceáil i dTeach Laighin, chomh maith.

4 comments:

  1. Is fear é a tharraing mo shuim ina threo an chéad uair a chuala mé é ag labhairt ar chlár Vincent Browne, agus tá áthas orm gur éirigh leis suíochán a fháil, caithfidh mé a rá.

    Tá súil agam go gcloisfear a fhocail sa Dáil, ach de réir mar a chloisim, ní áit é a éisteann, go rómhinic, le daoine neamhspleácha.

    Teastaíonn 'córas nua' de shaghas éigin, gan dabht, agus b'fhéidir go bhfuil a ndóthain acu ann anois le go gcloisfear iad.

    Ar a laghad, tá 70 TD 'nua' ann, agus b'fhéidir go ndéanfaidh siadsan na hathruithe cuí, ach labhairt amach go minic, agus go glórach!

    ReplyDelete
  2. @ "ní áit a éisteann, go rómhinic, le daoine neamhspleácha"

    Faraor, tá an ceart agat, a Áine. Seans go n-oibreoidh é féin agus dream eile neamhspleáchach le chéile, áfach, ionas go mbeidh am ar leith acu cur leis an díospóireacht.

    @ "70 TD 'nua'"

    Léim inniu go bhfaighidh na sean-TDanna €75,000 agus iad caite amach ón Dáil. Cuireann sé sin fearg orm.

    ReplyDelete
  3. Má tá seachtar acu sásta cuir le chéile is féidir leo grúpa teicniúil a bhunú, agus beidh cead cainte acu.

    Ach má bhristear an banc air, ní bheidh sé i dteideal suíochán Dála.

    ReplyDelete
  4. @ "má bhristear an banc air..."

    Ceart agat. Ní cuid de NAMA é, toisc gur ó bhainc eachtrannacha a fuair sé an t-airgead. Ach deirtear go gclúdaíonn cíosanna a fhoirgneamh costaisí na mbanc faoi láthair.

    ReplyDelete