3.3.11

Ros na Ruaille buaille

Bhí a fhios agam cheana féin go mbeadh Ros na Rún aisteach anocht. Tá go leor leor poiblíochta déanta ag TG4 ar eagrán speisialta FryDay.

Ach chomh maith le caimeo Stephen Fry, ní rabhas ag súil le...

...carachtar nua Iodálach, Salvatore, a labhair Iodáilís, Béarla agus Gaeilge...

...Bernie agus Séamus ag caint as Béarla...

...agus Máire ag ligint uirthi gur Conallach í (sílim gur canúint Chonallach a bhí i gceist aici ar aon chaoi).

Tá aithne agam ar fear bodhar i Loch Garman atá an-tógtha leis an gclár mar gheall ar na fotheidil. Ach, má tá éinne sa lucht féachana dall, leis na teangacha agus canúintí ar fad, ní bheidh barúil ar bith acu céard a bhí ar siúl anocht!

Le cúnamh Dé beidh gach rud ar ais mar an gcéanna sa sráidbhaile go luath :) mar dhea.

2 comments:

  1. Aontaím leat, a John. Bhí sé ait, ach tá na soaps uilig ag dul i dtreonna aisteacha na laethanta seo, feictear dom.

    Ar Emmerdale faoi láthair, tá a chuimhne caillte ag Jimmy (níl a fhios agam cén fáth, agus is cuma liom) agus seans go ndúiseoidh na carachtair, agus muidne, maidin éigin ar ball, agus go dtabharfaimid faoi deara nach raibh ann ach brionglóid, after all!

    Ar ndóigh, tá an smaoineamh ag rith liom anois go mb'fhéidir go bhfuil tú ró-óg le cuimhne a bheith agat féin ar scéal eile na brionglóide ón sobaldráma Dallas.

    ReplyDelete
  2. Ha, tá cáil ar an 'mbrionglóid' sin gan amhras. Nach bealach fíor-leisciúil é éalú ón script?

    Sin ráite, lean scríbhneoirí Lost lena scéal casta go dtí an deireadh. Cé go rabhamar uilig 'caillte' ag breathnú air. B'fhéidir go mbeadh dúiseacht éigin i bhfad níos sásúla sa chás sin.

    ReplyDelete