8.7.11

Thar sáile sa bhaile

Táim ar ais sa bhaile don tsamhradh anois, agus trí mhí le caitheamh agam anseo ar 'saoire staidéir'.

Cé go mbeidh mé níos ciúine anseo le linn an tsamhraidh, cheapas gur chóir dom athdhearadh beag a dhéanamh ar an mblag.

Sin thuas mo bhaile, cois cuain, liom féin agus mo chol ceathrair ag curachóireacht, agus tithe mo mhuintire taobh thiar dúinn (ar lá i bhfad níos grianmhaire ná mar atá ann inniu).

7 comments:

  1. Agus na bláthanna buí sa tulra (focal a fuair mé ó focal.ie, nach bhfuil in FGB)?

    ReplyDelete
  2. Inbhear Banú más fíor don méid a scríobh sé thuas!

    Ráib na bláthanna sílim; (Brassica napus) Measartha coitianta mar bharra abhus.

    ReplyDelete
  3. Cuireann sin "Ráib an Loig" i gcuimhne dom. ;-)

    ReplyDelete
  4. An ceart agat, a Aonghuis, faoi dhó...

    Cuan Bhanú atá ann (tá an fotheideal liath deacair a léamh) agus páirc mhór ráibe sa 'tulra', mar a deireann Dennis.

    Cuan Bhanú - an áit inar thuirling na Normánnaigh ar thalamh na hÉireann don chéad uair riamh siar in 1169.

    Is é sin Droichead Mhuileann an tSáile sa tulra, a bheidh 200 bliain d'aois go luath, agus teorann idir dhá pharóiste - Baile an Teampaill agus Tintern.

    ReplyDelete
  5. Áit álainn!

    Mar eolas, 'Réamhionad' atá ag De Bhaldraithe ar foreground, ach ní raibh mé in ann 'réamhionad' ná 'tulra' a fháil in Dinneen.

    ReplyDelete