13.8.11

Aimsigh an difríocht

Roimhe
Ina dhiaidh
Bhí mé gnóthach an tseachtain seo (bhuel ar feadh uair nó dhó) ag péinteáil comhartha bóthair an tsráidbhaile i ndiaidh don chomhairle contae cuaille nua a chur ann in áit an tsean-chuaille a bhí tachtaithe le meirg. Ach, faoi mar a bhaineann le go leor mion-eachtraí sa cheantar beag tuaithe seo, tá scéal ag baint leis. 

Do tháinig CÚIGEAR comhairleoirí le JCB chomh fada linn i gcomhair an chuaille nua a chur suas, agus le linn don CHÚIGEAR sin ag dul i mbun oibre leagadh piara de chuid an tsean-droichid trasna an bhóthair leis an JCB. Agus fágadh briste é, le clocha móra caite uaidh ar an dtalamh. Tá an damáiste níos measa inniu agus leath don phiara, atá ina sheasamh ansin le beagnach 200 bliain anuas, tite sa bhfarraige. 


Th'éis cuairt na gcomhairleoirí...
...agus inniu
Is fuath liom an phrása, agus níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar an tír mar seo, ach fé mar a deireann m'aintín: that's a bit Irish. 

DAS, chuirfinn glaoch ar an gcomhairle chun an piara nua a dheisiú, ach táim buartha go dtiocfadh leath an chontae inár dtreo an uair seo, le dosaen JCBanna, agus go leagfaí an droichead ina iomlán. ;)

4 comments:

  1. Dream éifeachtach iad ceart go leor. Tusa a chuir an péin t ar an chuaille nua, an ea? Bullaí fir, cuma i bhfad níos deise air.

    ReplyDelete
  2. Is maith liom na stocaí bána!!

    Ach tá sé scannalach faoin ndroichead - ach inchreidte! Irish gan a bheith Gaelach!

    ReplyDelete
  3. Sásta go dtaitníonn sé libh!

    Is teorann idir dhá pharóiste é an droichead, so coinnímid snas ar an taobh inár mbaile fearainn féin. Tá an t-ádh orainn mar sin nach dteastaíonn uaidh ach an féar a bhaint uair sa choicís agus an comhartha bóthair a phéinteáil gach deich mbliana ;)

    ReplyDelete
  4. @ ach táim buartha go dtiocfadh leath an chontae inár dtreo an uair seo, le dosaen JCBanna, agus go leagfaí an droichead ina iomlán. ;)

    ASG!

    ReplyDelete