8.9.11

Uíbh Álainn

Ar mhórchuaird thar timpeall na hÉireann le déanaí, chuaigh contae amháin go mór i bhfeidhm orm. Ní contae ar chósta an iarthair é, nó ceann scríbe mór turasóireachta. Thaisteal mé tríd an chontae seo go minic gan fiú stopadh. Cheapas nach raibh ann ach portaigh. Bhuel, tá cuid mhaith phortach ann... chomh maith le go leor eile, in Uíbh Fháilí.

Ar dtús báire, mainistir ársa Chluain Mhic Nóis. Anois, ní áit rúnda í... tá aithne mhaith againn uilig ar na séipéalanna agus ardchrosa san ionad, ach chuir sé iontas orm cé chomh ciúin is a bhí sé an lá sin. Thaitin an héileapad seo thíos liom.


Ar aghaidh linn ó dheas go baile Bhiorra, lena chaisleán mór agus gairdíní foirmeálta is fiáine. Chuala mé faoin teileascóp clúiteach cheana féin, ach an raibh a fhios agaibh, a chairde, go raibh an fál bosca is airde ar domhan ag fás ann freisin?! Curtha 135 bliain ó shin, ní raibh cómhartha nó léirsceál gar dó. Bhí orm ceist a chur ar an ngarraíodóir len é a aimsiú.

Agus seo é an t-eas gleoite sa gharraí uisce. Arís, ní raibh duine ná deoraí le feiceáil san áit.

Níos faide fós ó dheas, ar bhun panhandle an chontae, bhuail muid isteach i dtigh ósta Hayes i mbaile "dúchais" Obama - Muine Gall. Bhí bratacha na Stáit Aontaithe le feiscint fós ar dhá thaobh na sráide, agus DVD den nuacht ó lá dodhearmadta na cuairte le feiscint ar scáileáin sa tigh. De réir Ollie Hayes, tá na céadta ag teacht fós chuig an baile... an tseachtain deireanach bhuail stag night isteach ar a mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Luimneach, agus taobh istigh de 20 nóiméad bhí €190 taobh thiar den bheár! Go n-éirí leo. Tá an cuma ag teacht ar an scéal nach mbeidh Obama sa teach bán le fada, áfach.

3 comments:

  1. Cén Ghaeilge a chuirfeá ar "I *seamróg*?

    ReplyDelete
  2. Cén Ghaeilge a chuirfeá ar O'Bama?!

    ReplyDelete
  3. @ ní raibh duine ná deoraí le feiceáil san áit.

    Ní haon ionadh, muise, más rud nach bhfuil comhartha nó léarscáil le feiceáil in aon ait ann!

    Maidir le hObama, bíodh sé ann nó as, rinne sé maitheas do Mhuine Gall, agus nach maith an rud é sin, na laethanta imirceacha seo.

    Go raibh maith agat, a John, as an tuairisc seo uait. Tá na grianghraif go hálainn! Is maith liom an bópad..:-)

    ReplyDelete